An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1971.

Rátaí a mhaitheamh.

5.—(1) I gcás—

(a) áitreabh do ghnóthas tionscail a thógáil, a mhéadú nó a fheabhsú tar éis an 20ú lá d'Iúil, 1965, agus

(b) an Bord a dheimhniú an tógáil, an méadú nó an feabhsú a bheith arna dhéanamh ag an mBord nó a bheith ina ábhar do chúnamh airgid ón mBord,

féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é—

(i) dhá thrian a mhaitheamh de ráta is intoibhithe acu i leith aon áitreabh a tógadh amhlaidh, nó

(ii) dhá thrian a mhaitheamh d'aon ráta breise is intoibhithe acu i leith aon mhéadú nó feabhsú den sórt sin.

(2) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla inar críochnaíodh an tógáil, an méadú nó an feabhsú agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an Bord, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh cúnamh airgid, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(4) Ní dheonófar maitheamh níos mó ná uair amháin i leith aon tógáil, méadú nó feabhsú áirithe.

(5) I gcás gan luacháil ar leithligh a bheith déanta, faoi na hAchtanna Luachála, ar áitreabh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón mBord, an méid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.