2. Ní raibh ná ní bheidh aon uchtáil ar dhuine do ghlac éifeacht nó a bhfuil sé sainráidhte gur ghlac sí éifeacht aon tráth tar éis don Bhunreacht seo do theacht i ngníomh faoi dhlighthe d’achtuigh an tOireachtas agus is uchtáil de bhun ordú do rinne nó údarú do thug aon duine nó aon dream a bhí sonruighthe leis na dlighthe sin chun na feadhmanna agus na cumhachta sin d’oibriú ó bhail dlighidh de bhíthin amháin nár bhreitheamh ná cúirt do ceapadh nó do bunuigheadh mar bhreitheamh nó mar chúirt faoin mBunreacht seo an duine nó an dream sin.
|