An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

AN CHEAD SCEIDEAL

Údarás na Gaeltachta

Alt 6 (3).

An tÚdarás ina chomhlacht corpraithe, etc.

1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh agus cearta ar thalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Tréimhse oifige.

2. Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é,—

(a) i gcás comhalta seachas comhalta (dá ngairtear “comhalta tofa” sa Sceideal seo) a toghadh faoi Chuid IV den Acht seo, ar feadh cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh aige,

(b) i gcás comhalta thofa—

(i) i gcás é a thoghadh sa toghchán ar chomhaltaí an Údaráis is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, ón lá ceaptha go dtí lá vótaíochta an chéad toghcháin eile faoin gCuid sin IV don toghlach dar toghadh é,

(ii) i gcás é a thoghadh in aon toghchán eile ar chomhaltaí an Údaráis, ón tráth a chinnfidh an ceann comhairimh toradh an toghcháin iomchuí go dtí lá vótaíochta an chéad toghcháin eile faoin gCuid sin IV don toghlach sin.

Inathcheapthacht.

3. Féadfar comhalta den Údarás (seachas comhalta tofa) a athcheapadh ar a thréimhse oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.

Téarmaí oifige.

4. Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas téarma maidir le híoc luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachas) a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh aige nó nuair a bheidh an comhalta tofa faoi Chuid IV den Acht seo.

Corrfholúntais.

5. (1) Líonfaidh an tAire aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Údaráis (seachas na comhaltaí tofa) trí dhuine a cheapadh ann.

(2) Líonfaidh an tÚdarás aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí tofa an Údaráis tríd an Údarás do chomhthoghadh duine ann, i cibé slí a bheidh cinnte ag an Aire de thuras na huaire, ach nuair a bheifear á chinneadh cé líonfaidh aon fholúntas den sórt sin ní bheidh vóta ag comhalta den Údarás nach comhalta tofa.

(3) Beidh duine a cheapfar nó a chomhthoghfar faoin mír seo le corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí.

Comhalta den Údarás a chur as oifig.

6. Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás a chur as oifig.

Comhaltaí den Údarás d'éirí as oifig, bheith dícháilithe, etc.

7. (1) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(2) Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú (agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú) má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát nó má chiontaítear é i gcion faoi alt 15 nó má dheimhníonn an tAire gur mhainnigh sé leas a nochtadh faoi mhír 8.

(3) I gcás a ndéanfar comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi BhuanOrduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás.

Leas i gconradh a nochtadh.

8. (1) Comhalta den Údarás a bhfuil aon leas aige in aon chomhlacht a mbeartaíonn an tÚdarás aon chonradh nó comhaontú eile a dhéanamh leis, nó a bhfuil aon leas aige i gconradh nó i gcomhaontú eile a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh, nochtfaidh sé don Údarás go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an Údarás maidir leis an gconradh nó leis an gcomhaontú eile sin.

(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a thaifeadadh i miontuairiscí an Údaráis.

Séala an Údaráis.

9. (1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú chathaoirleach an Údaráis nó comhalta éigin eile den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin mar aon le síniú comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo déanfar, mura suífear a mhalairt, é a ghlacadh i bhfianaise agus a mheas gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais.

Cruinnithe agus nós imeachta an Údaráis.

10. (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Is é is córam do chruinniú den Údarás an tromlach is ísle de líon comhaltaí an Údaráis tráth an chruinnithe.

(3) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Faoi réir mhír 5 (2) cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Údarás le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir an Achta seo rialóidh an tÚdarás, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Údaráis.

Feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh.

11. Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Údarás, trí aon fhochoiste den Údarás nó trí aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás.

Luach saothair agus caiteachais comhaltaí an Údaráis.

12. Íocfar le comhalta den Údarás, as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.