| |

|
| |
IONSTRAIMí REACHTúLA.
|
| |
I.R. Uimh. 278 de 1981.
|
| | |
| |
AN tORDú POIST AGUS TELEGRAFA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN), 1981.
|
| |
S.I. No. 278 of 2000.
|
| |
AN tORDú POIST AGUS TELEGRAFA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN), 1981.
|
| |
Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus í bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—
|
| |
1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981 is teideal don Ordú seo.
|
| |
2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig an Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa, Pádraig ó hAirt, (Patrick D. Harte).
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
(a) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969
|
| |
(b) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972
|
| |
(c) Telegraph Act, 1885
|
| |
(d) Post Office (Parcels) Act, 1882
|
| |
(e) Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958
|
| |
(f) Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse. 1956 agus 1958
|
| |
(g) Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 (Uimh. 45 de 1956)
|
| |
(h) Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973 (Uimh. 17 de 1973)
|
| |
(i) An tAcht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942)
|
| |
(j) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977
|
| |

|
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 12ú lá seo de Lúnasa, 1981.
|
|
GEARÓID MacGEARAILT,
|
|
Taoiseach.
|
|