I.R. Uimh. 434/1981 -Na RialacháinGhairmoideachais (Deontais i Leith Scéimeanna Bliantúla Coistí) 1981.
| ||||||
IONSTRAIMÍ REACHTÚLA. | ||||||
I.R. Uimh. 434 de 1981. | ||||||
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981. | ||||||
I.R. Uimh. 434 de 1981. | ||||||
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1981. | ||||||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, SEÁN Ó BEOLÁIN, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:— | ||||||
1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1981 is teideal do na Rialacháin seo. | ||||||
2. Sna Rialacháin seo:— | ||||||
ciallaíonn “An tAcht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930) ; | ||||||
ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais; | ||||||
ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais; | ||||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contaebhuirg Bhaile Átha Cliath é; | ||||||
ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arb é buirg Dhún Laoghaire é. | ||||||
3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) leis na Rialacháin seo. | ||||||
4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981 an ranníoc áitiúil bliantúil a íocfaidh udarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear an barrachas ranníoca sna Rialacháin seo) na dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don Choiste sin, faoi alt 53 den Acht, arb é a bheidh ann:— | ||||||
(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais ceantair uirbigh (seachas limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire), nó | ||||||
(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath nó do limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire, nó | ||||||
(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae. | ||||||
5. I dteannta an Deontais Bhreise féadfar deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Forlíontach) nach mó ná £328,000 den chaiteachas comhréire faoina rachaidh Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath faoi shocruithe arna gceadú ag an Aire agus arna gcomhcheadú ag an Aire Airgeadais, chun ionaid thréineála ógra a bhunú agus a chothabháil nó chun neartú no cabhrú lena gcur ar fáil agus lena gcothabháil i gcómhair limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath a íoc leis an gCoiste sin in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981. | ||||||
6. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1981, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht:— | ||||||
(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná £2,916,750, | ||||||
(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £24,060,945, | ||||||
(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £3,332,881, | ||||||
(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £935,957, | ||||||
(5) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Bhri Chualann suim nach mó ná £610,316, | ||||||
(6) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Dhroichead Átha suim nach mó ná £1,003,040, | ||||||
(7) do Choiste Gairmoideachais Buirg Dhún Laoghaire suim nach mó ná £1,442,339, | ||||||
(8) do Choiste Gairmoideachais Bhaile na Gaillimhe suim nach mó ná £1,061,657, | ||||||
(9) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Shligigh suim nach mó ná £541,963, | ||||||
(10) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Thrá Lí suim nach mó ná £701,525, | ||||||
(11) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Loch Garman suim nach mó ná £438,494, | ||||||
(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná £1,087,735, | ||||||
(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £1,440,944, | ||||||
(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chlair suim nach mó ná £1,997,888, | ||||||
(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £5,906,883, | ||||||
(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £3,089,892, | ||||||
(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £3,047,805, | ||||||
(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £2,629,386, | ||||||
(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £2,698,152, | ||||||
(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £2,189,441, | ||||||
(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná £1,980,634, | ||||||
(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £1,198,359, | ||||||
(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £1,082,164, | ||||||
(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £1,680,258, | ||||||
(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £1,084,207, | ||||||
(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £904,240, | ||||||
(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £2,651,541, | ||||||
(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £2,249,619, | ||||||
(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £1,642,657, | ||||||
(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uibh Fhailí suim nach mó ná £1,805,448, | ||||||
(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae Roscomáin suim nach mó ná £1,068,641, | ||||||
(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £1,101,019, | ||||||
(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £1,760,622, | ||||||
(34) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £1,740,537, | ||||||
(35) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £560,405, | ||||||
(36) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £1,313,430, | ||||||
(37) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Garman suim nach mó ná £1,773,994, | ||||||
(38) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £1,672,129, | ||||||
dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta. | ||||||
7. Nuair a bheidh aon ríomh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:— | ||||||
(a) ní thabharfar aird ar fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin; | ||||||
(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar phunt; agus | ||||||
(c) tá leis an abairt “an dliteanas bliantúil íosta” an bhrí a shanntar di le halt 43 (2) den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950 (Uimh. 33 de 1950) . | ||||||
| ||||||
Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo. | ||||||
| ||||||
NOTA MÍNIÚCHÁIN. | ||||||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.) | ||||||
Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an lú Eanáir, 1981. |