I.R. Uimh. 59/1985 -An tOrdú umLárionad Chuan Iascaigh Ros A'Mhíl (Rátaí agus Muirir), 1985.
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 4 den Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 (Uimh. 18 de 1968) arna leasú leis an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1980 (Uimh. 22 de 1980), agus leis an Ordú Iascaigh (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1977 (I.R. Uimh. 30 de 1977) (arna n-oiriúnú leis an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1983 (Uimh. 40 de 1983) agus leis an Ordú Iascaigh (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1978 (I.R. Uimh. 195 de 1978)) agus tar éis dom dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, ordaímse PÁDRAIG O TUATHAIL, Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, leis seo mar a leanas: 1. An tOrdú um Lárionad Chuan Iascaigh Ros a'Mhíl (Rátaí agus Muirir), 1985 is teideal don Ordú seo. 2. Tiochfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 18ú lá de Márta, 1985. 3. San Ordú seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
tá leis an bhfocal "iasc" an bhrí chéanna atá leis san Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 (Uimh. 14 de 1959), arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú), 1978 (Uimh. 18 de 1978); | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn "fad" i ndáil le bád fad iomlán an bháid. 4. Gach ráta nó muirear a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo ag uimhir thagartha faoi leith socraítear leis seo gurb é an ráta nó an muirear é as an tsaoráid nó an tseirbhís a thuairiscítear i gcolún (2) den Sceideal ag an uimhir thagartha sin a úsáid sa lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Ros a'Mhíl. 5. (1) Ráta nó muirear a shocraítear leis an Ordú seo íocfaidh an duine a úsáidfidh an tsaoráid nó an tseirbhís lena mbaineann leis an Aire é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Féadfaidh an tAire suim a bheidh dlite faoin Ordú seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúil nó trí aon long, bád nó earraí ar ina leith a bheidh an tsuim dlite a thochsal agus a dhíol. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN SCEIDEAL | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
an 4ú lá seo de Márta, 1985. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
P. Ó TUATHAIL, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Aire Iascaigh agus Foraoiseachta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
NÓTA MÍNIUCHÁIN. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sonraíonn an tOrdú seo na rataí agus muirir atá iníoctha don Aire as usáid na saoráidí ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros A'Mhíl. |