1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29.4 den Bhunreacht:
(a) aisghairfear an tríú habairt i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Gaeilge agus cuirfear isteach an téacs atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;
(b) aisghairfear an tríú habairt i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla agus cuirfear isteach an téacs atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.