Customs and Excise (Mutual Assistance) Act, 2001

NINTH SCHEDULE

THE TEXT IN THE IRISH LANGUAGE OF THE CUSTOMS COOPERATION CONVENTION

AN COINBHINSIÚN, ARNA DHRÉACHTÚ AR BHONN AIRTEAGAL K.3 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH, MAIDIR LE CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH AGUS COMHAR IDIR RIARACHÁIN CHUSTAIM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Choinbhinsiún seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh,

AG TAGAIRT do Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 18 Nollaig 1997;

AG MEABRHÚ DÓIBH an gá na gealltanais a neartú atá sa Choinbhinsiún maidir le riaracháin chustaim do sholáthar cúnamh frithpháirteach arna shíniú sa Róimh ar an 7 Meán Fómhair 1967;

DE BHRÍ go bhfuil riaracháin chustaim freagrach, ar chríoch chustaim an Chomhphobail agus go háirithe ag a pointí iontrála agus fágála, as cionta ní amháin in aghaidh rialacha an Chomhphobail ach in aghaidh dlíthe náisiúnta freisin, go háirithe na cásanna atá folaithe ag Airteagail 36 agus 223 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, a chose, a imscrúdú agus a chur faoi chois;

DE BHRÍ gur bagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí, don mhoráltacht phoiblí agus don tslándáil phoiblí an treocht atá ag teacht chun cinn ionsar gháinneáil aindleathach de gach saghas;

DE BHRÍ gur cóir foirmeacha sonracha comhair a rialú lena ngabhfadh gníomhaíochtaí trasteorann d'fhonn sáruithe áirithe ar reachtaíocht náisiúnta na mBallstát agus rialacháin chustaim an Chomhphobail araon a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus de bhrí nach foláir gníomhaíocntaí trasteorann den sórt sin a dhéanamh i gcónaí i gcomhlíonadh phrionsabail na dlíthiúlachta (an dlí ábhartha is infheidhme sa Bhallstát iarrtha agus treoracha údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chomhlíonadh), na coimhdeachta (gan tús a chur le gníomhaíochtaí den sórt sin ach nuair is follas nach iomchuí foirmeacha eile gníomhaíochta ar lú a suntas) agus na comhréireachta (scála agus fad na gníomhaíochta a chinneadh i bhfianaise thromchúis an tsáraithe a thoimhdítear);

ÓS DEIMHIN LEO gur gá an comhar idir riaracháin chustaim a athneartú trí nósanna imeachta a leagan síos faoina bhféadfaidh riaracháin chustaim gníomhú go comhpháirteach agus sonraí a mhalartú a bhaineann le gníomhaíochtaí gáinneála aindleathacha;

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH go mbíonn ar na riaracháin chustaim ina n-obair laethúil idir fhorálacha an Chomhphobail agus fhorálacha náisiúnta a chur chun feidhme agus go bhfuil, dá dheasca sin, riachtanas follasach ann a áirithiú go bhfabhraíonn na forálacha maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar sa dá earnáil go comhthreomhar a mhéad is féidir,

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

TEIDEAL I — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1. Gan dochar d'inniúlachtaí an Chomhphobail, cuirfidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh cúnamh frithpháirteach ar fáil dá chéile agus comhoibreoidh siad le chéile trína riaracháin chustaim d'fhonn:

—  sáruithe ar fhorálacha náisiúnta custaim a chosc agus a bhrath, agus

—  sáruithe ar fhorálacha custaim an Chomhphobail agus forálacha náisiúnta custaim a ionchúiseamh agus a phionósú.

2. Gan dochar d'Airteagal 3, ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear do na forálacha is infheidhme maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla idir údaráis bhreithiúnacha, d'fhorálacha níos fabhraí i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Ballstáit a rialaíonn an comhar dá bhforáiltear i mír 1 idir údaráis chustaim nó údaráis inniúla eile na mBallstát, ná do shocruithe sa réimse céanna arna gcomhaontú ar bhonn reachtaíochta comhionainne nó córais speisialta lena bhforáilter bearta cúnaimh fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm go cómhalartach.

Airteagal 2

Cumhachtaí

Cuirfidh na riaracháin chustaim an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh faoi fhorálacha náisiúnta. Ní fhéadfar aon ní sa Choinbhinsiún seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difear do na cumhachtaí a thugtar faoi fhorálacha náisiúnta do na riaracháin chustaim de réir bhrí an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 3

Gaolmhaireacht le cúnamh frithpháirteach arna sholáthar ag na húdaráis bhreithiúnacha

1. Folaíonn an Coinbhinsiún seo cúnamh frithpháirteach agus comhar faoi chuimsiú na n-imscrúduithe coiriúla maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta custaim agus forálacha custaim an Chomhphobail a bhfuil dlínse ag an údarás iarrthach ina leith ar bhonn fhorálacha náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

2. Nuair a dhéanann údarás breithiúnach imscrúdú coiriúil nó nuair a dhéantar imscrúdú coiriúil faoina stiúir, cinnfidh an t-údarás sin an dtíolacfar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach nó ar chomhar maidir leis sin ar bhonn na bhforálacha is infeidhme maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla nó ar bhonn an Choinbhinsiúin seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.—“forálacha náisiúnta custaim”: forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin uile de chuid Ballstáit a dtagann a gcur i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach faoi dhlínse riarachán custaim an Bhallstáit sin maidir le:

—  trácht trasteorann in earraí atá faoi réir toirmease, srianta nó rialuithe, go háirithe faoi Airteagail 36 agus 223 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh;

—  dleachtanna máil neamh-chomhchuibhithe;

2.—“forálacha custaim an Chomhphobail”:

—  bailiúchán fhorálacha an Chomhphobail, agus forálacha cur chun feidhme a bhaineann leo, a rialaíonn allmhairiú, onnmhairiú, idirthuras agus láithreacht earraí arna dtrádáil idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus idir Ballstáit i gcás earraí nach bhfuil stádas Comhphobail acu de réir bhrí Airteagal 9(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó earraí atá faoi réir rialuithe nó imscrúduithe breise chun a stádas Comhphobail a bhunú;

—  bailiúchán na bhforálacha arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus na forálacha sonracha arna nglacadh i ndáil le hearraí a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil;

—  bailiúchán na bhforálacha arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail maidir le dleachtanna comhchuibhithe máil agus le cáin bhreisluacha ar allmhairiú mar aon leis na forálacha náisiúnta á gcur chun feidhme;

3.—“sáruithe”: gníomhartha atá codarsnach le forálacha náisiúnta custaim nó forálacha custaim an Chomhphobail, lena n-áirítear, inter alia:

—  rannpháirtíocht i sáruithe den sórt sin nó in iarrachtaí ar sháruithe den sórt sin a dhéanamh;

—  rannpháirtíocht in cagraíocht choiriúil a dhéanann sáruithe den sórt sin;

—  sciúradh an airgid a thig ó na sáruithe dá dtagraítear sa mhír seo;

4.—“cúnamh frithpháirteach”: riaracháin chustaim do sholáthar cúnamh mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo;

5.—“údarás iarrthach”: an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit a dhéanann iarraidh ar chúnamh;

6.—“údarás iarrtha”: an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit a ndéantar iarraidh ar chúnamh air;

7.—“riaracháin chustaim”: údaráis chustaim na mBallstát agus údaráis eile a bhfuil dlínse acu chun forálacha an Choinbhinsiúin seo a chur chun feidhme;

8.—“sonraí pearsanta”: gach faisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó atá insainaitheanta; meastar go bhfuil duine insainaitheanta más féidir é a shainaithint go díreach nó go hindíreach, inter alia trí uimhir aitheantais nó trí shaintréith nó saintréithe dá chéannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, shíceolaíoch, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta;

9.—“comhar trasteorann”: comhar idir riaracháin chustaim thar theorainneacha gach Ballstáit.

Airteagal 5

Láraonaid chomhordaithe

1. Ceapfaidh na Ballstáit láraonad (aonad comhordaithe) ina n-údaráis chustaim. Beidh sé freagrach as gach iarratas ar chúnamh frithpháirteach faoin gCoinbhinsiún seo a ghlacadh agus as cúnamh frithpháirteach a chomhordú, gan dochar do mhír 2. Beidh an t-aonad freagrach freisin as an gcomhar le húdaráis eile atá i gceist i mbeart cúnaimh faoin gCoinbhinsiún seo. Coinneoidh aonaid chomhordaithe na mBallstát an teagmháil dhíreach is gá le chéile, go háirithe sna cásanna atá folaithe i dTeideal IV.

2. Ní eisiafaidh gníomhaíocht na láraonad comhordaithe, go háirithe tráth éigeandála, comhar díreach idir seirbhísí eile de chuid údaráis chustaim na mBallstát. Ar chúiseanna éifeachtachta agus comhchuibhis, cuirfear na láraonaid chomhordaithe ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht lena ngabhfaidh comhar díreach den sórt sin.

3. Mura mbeidh údarás custaim inniúil, nó mura mbeidh sé inniúil go hiomlán, chun iarraidh a phróiseáil, díreoidh an láraonad comhordaithe an iarraidh chuig an údarás náisúnta inniúil agus cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas go bhfuil sin déanta aige.

4. Mura féidir géilleadh d'iarraidh ar chúiseanna dlí nó ar chúiseanna substainteacha, cuirfidh an t-aonad comhordaithe an iarraidh ar ais chuig an údarás iarrthach mar aon le míniúchán ar na cúiseanna nárbh fhéidir an iarraidh a phróiseáil.

Airteagal 6

Oifigigh liaison

1. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe a dhéanamh eatarthu féin máidir le hoifigigh liaison a mhalartú go ceann tréimhsí teoranta nó neamhtheoranta, i gcomhréir le coinníollacha arna gcomhaontú go frithpháirteach.

2. Ní bheidh aon chumhachtaí idirghabhála ag oifigigh liaison sa tír aíochta.

3. D'fhonn an comhar idir riaracháin chustaim na mBallstát a chur ar aghaidh, féadfaidh oifigigh liaison, le comhaontú údaráis inniúil na mBallstát nó arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla sin, na dualgais seo a leanas a bheith orthu:

(a) an malartú faisnéise idir na Ballstáit a chur ar aghaidh agus a bhrostú;

(b) cúnamh a thabhairt in imscrúduithe a bhaineann lena mBallstát féin nó leis an mBallstát a ionadaíonn siad;

(c) tacaíocht a thabhairt chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh;

(d) comhairle agus cúnamh a thabhairt don tír aíochta maidir le hoibríochtaí trasteorann a ullmhú agus a chur i gcrích;

(e) aon dualgais eile ar a bhféadfaidh na Ballstáit comhaontú eatarthu féin.

4. Féadfaidh na Ballstáit comhaontú go déthaobhach nó go hiltaobhach ar théarmaí tagartha agus ar shuíomh na n-oifigeach liaison. Féadfaidh oifigigh liaison freisin leasanna Ballstáit amháin nó níos mó a ionadú.

Airteagal 7

Oibleagáid an chéannacht a chruthú

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, beidh oifigigh de chuid an údaráis iarrthaigh atá i mBallstát eile chun na cearta atá leagtha síos sa Choinbhinsiún seo a fheidhmiú in ann i gcónaí údarás i scríbhinn a thabhairt ar aird a shonraíonn a gcéannacht agus a bhfeidhmeanna oifigiúla.

TEIDEAL II — CÚNAMH AR É A IARRAIDH

Airteagal 8

Prionsabail

1. Chun an cúnamh is gá faoin Teideal seo a chur ar fáil, gníomhóidh an t-údarás iarrtha nó an t-údarás inniúil ar dhírigh sé an iarraidh chuige amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú thar a cheann féin nó ar iarraidh ó údarás eile ina Bhallstát féin. Lena linn sin, bainfidh sé leas as na cumhachtaí dlíthiúla uile atá ar fáil dó faoi chuimsiú a dhlí náisiúnta chun an iarraidh a fhreagairt.

2. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an cúnamh sin i mbaint le himthosca uile an tsáraithe a bhfuil aon bhaint inaitheanta aige le hábhar na hiarrata ar chúnamh gan gá a bheith le hiarraidh sa bhreis chuige sin. Má tá amhras ann, rachaidh an t-údarás iarrtha i dteagmháil i dtosach báire leis an údarás iarrthach.

Airteagal 9

Foirm agus inneachar na hiarrata ar chúnamh

1. Déanfar iarrataí ar chúnamh i scríbhinn i gcónaí. Beidh na doiciméid is gá chun na hiarrataí sin a fhorghníomhú in éineacht leis an iarraidh.

2. Cuimseoidh na hiarrataí arna ndéanamh de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a) an t-údarás iarrthach atá ag déanamh na hiarrata;

(b) an beart arna iarraidh;

(c) críoch agus cúis na hiarrata;

(d) na dlíthe, na rialacha agus na forálacha dlí eile atá i gceist;

(e) sonraí chomh cruinn cuimsitheach agus is féidir ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha is ábhar do na himscrúduithe;

(f) achoimre ar na fíorais ábhartha, seachas na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 13.

3. Tíolacfar iarrataí i dteanga oifigiúil de chuid Bhallstát an údaráis iarrtha nó i dteanga is inghlactha ag an údarás sin.

4. Glacfar le hiarrataí ó bhéal nuair is gá sin ar chúiseanna práinne ach ní mór iad a dhaingniú i scríbhinn a luaithe is féidir.

5. Mura gcomhallann iarraidh na ceanglais fhoirmiúla, féadfaidh an t-údarás iarrtha a iarraidh go ndéantar í a cheartú nó a chomhlánú; féadfar bearta a dhéanamh idir an dá linn atá riachtanach chun an iarraidh a chomhlíonadh.

6. Comhaontóidh an t-údarás iarrtha nós imeachta áirithe a chur i bhfeidhm agus an iarraidh á freagairt aige ar choinníoll nach bhfuil an nós imeachta sin codarsnach le forálacha dlí agus riarthacha an Bhallstáit iarrtha.

Airteagal 10

Iarratai ar fhaisnéis

1. Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, páirteoidh an t-údarás iarrtha gach faisnéis leis chun gur féidir leis sáruithe a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh.

2. Beidh in éineacht leis an bhfaisnéis arna páirtiú tuarascálacha agus doiciméid eile, nó cóipeanna deimhnithe díobh nó sleachta astu, ar a bhfuil an fhaisnéis sin bunaithe agus atá i seilbh an údaráis iarrtha nó a tugadh ar aird nó a fuarthas d'fhonn an iarraidh ar fhaisnéis a fhorghníomhú.

3. Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha, féadfaidh oifigigh arna n-údarú ag an údarás iarrthach, faoi réir teagasc mionsonraithe ón údarás iarrtha, faisnéis a fháil de bhun mhír 1 ó oifigí an Bhallstáit iarrtha. Beidh feidhm aige sin maidir le gach faisnéis arna fáil ón doiciméadú a bhfuil rochtain air ag foireann na n-oifigí sin. Údarófar do na hoifigigh sin cóipeanna a ghlacadh den doiciméadú sin.

Airteagal 11

Iarrataí ar fhaireachán

Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, déanfaidh an t-údarás iarrtha a mhéad is féidir faire speisialta, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar faire speisialta, ar dhaoine nuair atá forais thromchúiseacha lena chreidiúint go bhfuil sárú déanta acu ar fhorálacha custaim an Chomhphobail nó forálacha custaim náisiúnta nó go bhfuil sárú á dhéanamh acu orthu nó go bhfuil bearta ullmhúcháin curtha i gcrích acu d'fhonn sáruithe den sórt sin a dhéanamh. Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, déanfaidh an t-údarás iarrtha faire freisin ar áiteanna, ar chóracha iompair agus ar earraí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh bheith ina sárú ar na forálacha custaim thuasluaite.

Airteagal 12

Iarrataí ar fhiosrúcháin

1. Déanfaidh an t-údarás iarrtha, arna iarraidh sin don údarás iarrthach, fiosrúcháin iomchuí, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar fiosrúcháin iomchuí, ar oibríochtaí ar sáruithe iad nó ar cosúil don údarás iarrthach gur sáruithe iad.

Páirteoidh an t-údarás iarrtha torthaí na bhfiosrúchán sin leis an údarás iarrthach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10(2).

2. Trí chomhaontú idir an t-údarás iarrthach agus an t-údarás iarrtha, féadfaidh oifigigh arna gceapadh ag an údarás iarrthach bheith i láthair ag na fiosrúcháin dá dtagraítear i mír 1. Is oifigigh de chuid an údaráis iarrtha a dhéanfaidh na fiosrúcháin i gcónaí. Ní fhéadfaidh oifigigh an údaráis iarrthaigh, ar a dtionscnamh féin, na cumhachtaí a thugtar d'oifigigh an údaráis iarrtha a ghabháil orthu féin. Ar a shon sin, beidh rochtain acu ar an áitreabh céanna agus ar na doiciméid chéanna atá ag oifigigh an údaráis iarrtha, faoina n-idirghabháil siúd agus chun criche an fhiosrúcháin atá á dhéanamh agus chuige sin amháin.

Airteagal 13

Fógra

1. Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, tabharfaidh an t-údarás iarrtha, i gcomhréir le rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, fógra don seolaí nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar fógra dó, faoi na hionstraimí nó na cinntí uile a thagann ó údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a shuíomh ag an údarás iarrthach ann agus a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm.

2. Beidh in éineacht le hiarrataí ar fhógra, a luann ábhar na hionstraime nó an chinnidh a bhfuil fógra le tabhairt ina thaobh, aistriúchán i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás iarrtha bunaithe, gan dochar do cheart an údaráis sin aistriúchán den sórt sin a tharscaoileadh.

Airteagal 14

Úsáid mar fhianaise

Féadfaidh comhlachtaí inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás iarrthach bunaithe cinntí, deimhnithe, faisnéis, doiciméid, cóipeanna fíordheimhnithe agus páipéir eile arna bhfáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta ag oifigigh an údaráis iarrtha agus arna dtarchur chuig an údarás iarrthach sna cásanna cúnaimh dá bhforáiltear in Airteagail 10 go 12 a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

TEIDEAL III — CÚNAMH SPONTÁINEACH

Airteagal 15

Prionsabal

Déanfaidh údaráis inniúla gach Ballstáit, mar atá leagtha síos in Airteagail 16 agus 17, faoi réir aon teorainneacha arna bhforchur ag an dlí náisiúnta, cúnamh a sholáthar d'údaráis inniúla na mBallstát eile gan é a bheith iarrtha roimh ré.

Airteagal 16

Faireachán

Nuair a fhónann sé do chionta a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh i mBallstát eile, déanfaidh údaráis inniúla gach Ballstáit:

(a) a mhéad is féidir an faire speisialta arna thuairisc in Airteagal 11 a dhéanamh, nó a chur faoi deara go ndéantar é;

(b) gach faisnéis atá ina seilbh acu, agus go háirithe tuarascálacha agus doiciméid eile nó cóipeanna dílse deimhnithe díobh nó sleachta astu, a bhaineann le hoibríochtaí a bhfuil baint acu le cion arna bheartú nó arna dhéanamh, a pháirtiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile i dtrácht.

Airteagal 17

Faisnéis spontáineach

Cuirfidh údaráis inniúla gach Ballstáit láithreach chuig údaráis inniúla na mBallstát eile i dtrácht gach faisnéis ábhartha a bhaineann le cionta arna mbeartú nó arna ndéanamh agus go háirithe faisnéis faoi na hearraí i gceist agus modhanna agus meáin nua chun cionta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 18

Úsáid mar fhianaise

Tuarascálacha faireacháin agus faisnéis arna bhfáil ag oifigigh de chuid Ballstáit amháin agus arna bpáirtiú le Ballstát eile i gcúrsa an chúnaimh spontáinigh dá bhforáiltear in Airteagail 15 go 17, féadfaidh comhlachtaí inniúla an Bhallstáit a ghlacann an fhaisnéis iad a úsáid mar fhianaise, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

TEIDEAL IV — FOIRMEACHA SPEISIALTA COMHAIR

Airteagal 19

Prionsabail

1. Rachaidh riaracháin chustaim i mbun comhair thrasteorann i gcomhréir leis an Teideal seo. Soláthróidh siad dá chéile an cúnamh is gá i ndáil le foireann agus tacaíocht eagrúcháin. Is i bhfoirm iarrataí ar chúnamh i gcomhréir le hAirteagal 9 a bheidh iarrataí ar chomhar, de ghnáth. I gcásanna sonracha dá dtagraítear sa Teideal seo, féadfaidh oifigigh den údarás iarrthach gabháil le gníomhaíochtaí ar chríoch an Stáit iarrtha, le formheas an údaráis iarrthaigh.

Is iad na láraonaid chomhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 5 a bheidh freagrach as oibríochtaí trasteorann a chomhordú agus a phleanáil.

2. Ceadófar comhar trasteorann de réir bhrí mhír 1 chun sáruithe a chose, a imscrúdú agus a ionchúiseamh i gcásanna ina bhfuil:

(a) gáinneáil aindleathach drugaí agus substaintí síceatrópacha, arm, muinisean, ábhar pléascach, earraí cultúrtha, dramhaíola contúirtí agus tocsainí, ábhair núicléach nó ábhar nó trealaimh atá ceaptha chun airm adamhacha, bhitheolaíocha agus/nó cheimiceacha (earraí toirmiscthe) a dhéanamh;

(b) trádáil i substainti atá liostaithe i dTáblaí I agus II de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne gáinneáil neamhdhleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha agus atá ceaptha chun drugaí a dhéanamh go neamhdhlíthiúil (substaintí réamhtheachtacha);

(c) trádáil thráchtálach neamhdhlíthiúil trasteorann in earraí inchánach chun cáin a imghabháil nó chun íocaíochtaí Stáit neamhúdaraithe a fháil i ndáil le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú, nuair atá an trádáil agus an fiontar a bhaineann le cánacha agus deontais chomh mór sin gur tábhachtach an costas airgeadais ionchasach do bhuiséad na gComhphobal Eorpach nó na mBallstát;

(d) aon trádáil eile in earraí atá toirmiscthe ag rialacha custaim an Chomhphobail nó rialacha custaim náisiúnta.

3. Ní bheidh de cheangal ar an údarás iarrtha tús a chur leis na foirmeacha sonracha comhair dá dtagraítear sa Teideal seo mura gceadaítear faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha an saghas imscrúdaithe a iarrtar nó mura bhforáiltear ann dó. Sa chás sin, beidh an t-údarás iarrthach i dteideal an saghas comhfhreagrach comhair thrasteorann a dhiúltú ar na cúiseanna céanna ina mhalairt de chás, nuair a iarrann údarás de chuid an Bhallstáit iarrthaigh é.

4. Más gá faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, iarrfaidh na húdaráis rannpháirteacha ar a n-údaráis bhreithiúnacha na himscrúduithe a bheartaítear a fhormheas. Nuair a chuireann na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a bhformheas faoi réir coinníollacha agus ceanglas áirithe, féachfaidh na húdaráis rannpháirteacha chuige go n-urramófar na coinníollacha agus na ceanglais sin i gcúrsa na n-imscrúduithe.

5. Nuair a bhíonn oifigigh de chuid Ballstáit ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar chríoch Bhallstáit eile de bhua an Teidil seo agus go ndéanann siad damáiste trína ngníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a rinneadh an damáiste é a shlánú i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta ar an dóigh chéanna is a dhéanfadh sé é dá mba iad a oifigigh féin a rinne an damáiste. Déanfaidh an Ballstát a ndearna a oifigigh an damáiste na suimeanna a d'íoc an Ballstát eile sin do na daoine éagóirithe nó do dhaoine nó institiúidí eile a bhfuil teideal acu ina leith a aisíoc go hiomlán leis.

6. Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe agus d'ainneoin na hoibleagáide damáiste a shlánú de réir an dara habairt de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear sa chéad abairt de mhír 5, ó aisíoc as méid an damáiste a bhain dó a iarraidh ar Bhallstát eile.

7. Faisnéis a fhaigheann oifigigh le linn an chomhair thrasteorann dá bhforáiltear in Airteagail 20 go 24, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a ghlacann í an fhaisnéis sin a úsáid mar fhianaise, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir coinníollacha áirithe arna leagan síos ag comhlachtaí inniúla an Bhallstáit ina bhfuarthas an fhaisnéis.

8. I gcúrsa na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagail 20 go 24, tabharfar an chóir chéanna d'oifigigh ar misean ar chríoch Bhallstáit eile a thugtar d'oifigigh an Bhallstáit sin a mhéad a bhaineann le sáruithe a dhéantar ina gcoinne nó a dhéanann siad.

Airteagal 20

Deargthóir

1. Oifigigh an riaracháin chustaim de chuid ceann de na Ballstáit atá ar thóir, ina dtír féin, duine a breathnaíodh i mbun ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a dhéanamh a bhféadfadh eiseachadadh teacht as nó i mbun rannpháirtiú i sárú den sórt sin, údarófar dóibh leanúint den tóir ar chríoch Bhallstáit eile gan réamhúdarás nuair nárbh fhéidir, ag féachaint do phráinn áirithe na staide, fógra a thabhairt d'údaráis inniúla an Bhallstáit eile roimh iontráil ar an gcríoch sin nó nuair nár fhéad na húdaráis sin an t-ionad a shroicheadh in am chun an tóir a ghlacadh ar láimh.

Rachaidh na hoifigigh thóra i dteagmháil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéanfar an tóir, ar a dhéanaí nuair a thrasnaíonn siad an teorainn. Cuirfear deireadh leis an tóir a luaithe a iarrann an Ballstát ar ar a chríoch atá an tóir á déanamh é. Arna iarraidh sin do na hoifigigh thóra, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin forrán ar an duine a bhfuil an tóir air chun a chéannacht a shuíomh nó é a ghabháil. Cuirfidh na Ballstáit an taiscí ar an eolas faoi na hoifigigh thóra a bhfuil feidhm ag an bhforáil seo maidir leo; cuirfidh an taiscí na Ballstáit eile ar an eolas.

2. Déanfar an tóir i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas, arna sainiú sa dearbhú dá bhforáiltear i mír 6:

(a) ní bheidh de cheart ag na hoifigigh thóra duine a ghabháil;

(b) ar a shon sin, mura n-iarrtar deireadh a chur leis an tóir agus mura féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch atá an tóir á déanamh idirghabháil tapaidh go leor, féadfaidh na hoifigigh thóra an duine a bhfuil tóir air a ghabháil go dtí gur féidir le hoifigigh an Bhallstáit sin, nach foláir a chur ar an eolas gan mhoill, a chéannacht a shuíomh nó é a ghabháil.

3. Déanfar an tóir i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 ar cheann de na dóigheanna seo a leanas mar a shainítear sa dearbhú dá bhforáiltear i mír 6:

(a) i limistéar nó le linn tréimhse, amhail ón teorainn a thrasnú, atá le bunú sa dearbhú;

(b) gan an limistéar ná an tréimhse a theorannú.

4. Beidh an tóir faoi réir na gcoinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a) déanfaidh na hoifigigh thóra forálacha an Airteagail seo agus dlí an Bhallstáit ar ar a chríoch atá siad ag oibriú a chomhlíonadh; déanfaidh siad de réir theagasca údarás inniúil an Bhallstáit sin;

(b) nuair is ar muir a bhíonn an tóir, déanfar í i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta na farraige mar atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na farraige nuair a leantar di ar an muir mhór nó sa limistéar eacnamaíoch eisiach, agus i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo nuair is ar chríoch Bhallstáit eile a dhéantar í;

(c) toirmiscfear iontráil i dteaghaisí príobháideacha agus in áiteanna nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;

(d) beidh na hoifigigh thóra so-insainaitheanta, trína n-éide, trí armbhanda nó trí ghabhálais feistithe dá gcóir iompair; toirmisctear éadaí sibhialtacha a úsáid in éineacht le cóir iompair neamh-mharcáilte gan na modhanna sainaitheanta thuasluaite; beidh na hoifigigh thóra i gcónaí in ann a chruthú go bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil oifigiúil;

(e) féadfaidh na hoifigigh thóra a n-armáin seirbhíse a iompar ach amháin (i) nuair atá dearbhú ginearálta déanta ag an mBallstát iarrtha nach féidir riamh armáin a iompar isteach ar a chríoch nó (ii) nuair atá a mhalairt de chinneadh sonrach déanta ag an mBallstát iarrtha. Nuair a cheadaítear d'oifigigh ó Bhallstát eile a n-armáin seirbhíse a iompar, toirmiscfear a n-úsáid ach amháin i gcásanna féinchosanta dlisteanaí;

(f) nuair a bheidh an duine a bhfuil tóir air gafa mar a fhoráiltear i bpointe (b) de mhír 2, d'fhonn é a thabhairt ós comhair údaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch atá an tóir á déanamh, ní fhéadfar ach cuardach slándála a dhéanamh air; féadfar dornaisc a úsáid le linn dó bheith á aistriú; féadfar earraí a bhí i seilbh an duine a raibh tóir air a urghabháil;

(g) tar éis gach oibríochta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, rachaidh na hoifigigh thóra i láthair údaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch a bhí siad ag oibriú agus tabharfaidh siad tuairisc ar a misean; arna iarraidh sin do na húdaráis sin, ní foláir dóibh fanacht ar láimh na n-údarás sin go dtí go ndéantar imthosca a ngníomhaíochta a shoiléiriú go leordhóthanach; beidh feidhm ag an gcoinníoll seo fiú nuair nach raibh de thoradh ar an tóir go ndearnadh an duine a raibh tóir air a ghabháil;

(h) arna iarraidh sin d'údaráis an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an tóir, cabhróidh údaráis an Bhallstáit ónar tháinig na hoifigigh thóra leis an bhfiosrúchán i ndiaidh na hoibríochta inar ghlac siad páirt, lena n-áirítear imeachtaí dlí.

5. Féadfar duine a ghabhann údaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch atá an tóir á déanamh, tar éis na gníomhaíochta dá bhforáiltear i mír 2, a choinneáil, gan spleáchas dá náisiúntacht, chun é a cheistiú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha ábhartha den dlí náisiúnta.

Mura náisiúnach den Bhallstát ar ar a chríoch a gabhadh é an duine, scaoilfear saor é tráth nach déanaí ná sé huaire an chloig tar éis a ghabhála, gan na huaireanta idir meánoíche agus 09.00 a áireamh leo, mura mbeidh iarraidh ar a ghabháil shealadach chun críoch eiseachadta i bhfoirm éigin faighte roimhe sin ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

6. Ar shíniú an Choinbhinsiúin seo dó, déanfaidh gach Ballstát dearbhú ina saineoidh sé, ar bhonn mhíreanna 2, 3 agus 4, na nósanna imeachta chun an tóir a chur chun feidhme ar a chríoch.

Féadfaidh Ballstát tráth ar bith dearbhú eile a chur in ionad an dearbhaithe sin, ar choinníoll nach srianfaidh sé raon feidhme an tseandearbhaithe.

Déanfar gach dearbhú tar éis dul i gcomhairle le gach ceann de na Ballstáit i dtrácht agus d'fhonn socruithe coibhéiseacha a fháil sna Ballstáit sin.

7. Féadfaidh Ballstáit, ar bhonn déthaobhach, raon feidhme mhír 1 a leathnú agus forálacha breise a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

8. Agus ionstraimí glactha an Choinbhinsiúin seo á dtaisceadh aige, féadfaidh Ballstát a dhearbhú nach bhfuil an tAirteagal seo, nó cuid de, ina cheangal air. Féadfar dearbhú den sórt sin a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 21

Faireachán trasteorann

1. Údarófar d'oifigigh riaracháin chustaim de chuid ceann de na Ballstáit a bhfuil daoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint ina leith go bhfuil siad i dtreis i gceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) á gcoimeád faoi bhreathnú acu ina dtír féin leanúint dá mbreathnú ar chríoch Bhallstáit eile nuair atá breathnú trasteorann údaraithe ag an mBallstát sin mar fhreagra ar iarraidh ar chúnamh a tíolacadh roimhe sin. Féadfar coinníollacha a chur leis an údarú sin.

Cuirfidh na Ballstáit an taiscí ar an eolas faoi na hoifigigh thóra a bhfuil feidhm ag an bhforáii seo maidir leo; cuirfidh an taiscí na Ballstáit eile ar an eolas.

Arna iarraidh sin, déanfar an breathnú a chur de chúram ar oifigigh an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéantar é.

Déanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chuig údarás arna ainmniú ag gach ceann de na Ballstáit atá cumhachtaithe chun an t-údarú arna iarraidh a thabhairt nó an iarraidh a chur ar aghaidh.

Cuirfidh na Ballstáit an taiscí ar an eolas faoin údarás arna ainmniú chuige sin; cuirfidh an taiscí na Ballstáit eile ar an eolas.

2. Nuair nach féidir, de bharr cúiseanna sárphráinneacha, réamhúdarú an Bhallstáit eile a iarraidh, údarófar do na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe leanúint de dhaoine a bhfuil forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint ina leith go bhfuil siad i dtreis i gceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a bhreathnú ar an taobh eile den teorainn, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanfar fógra faoi thrasnú na teorann a thabhairt láithreach, i rith an bhreathnaithe, d'údaráis inniúla an Bhallstáit ar ar a chríoch a leanfar den bhreathnú;

(b) déanfar iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 agus ag tabhairt na bhforas maidir leis an teorainn a thrasnú gan réamhúdarú a thíolacadh gan mhoill.

Cuirfear deireadh leis an mbreathnú a luaithe a dhéanann an Ballstát ar ar a chríoch atáthar á dhéanamh é sin a iarraidh, tar éis don fhógra dá dtagraítear i bpointe (a) a bheith tugtha nó an iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith déanta, nó nuair nach mbeidh an t-údarú faighte cúig huaire an chloig tar éis an teorainn a thrasnú.

3. Ní dhéanfar an breathnú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ach faoi na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a) déanfaidh na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe forálacha an Airteagail seo a chomhlíonadh maille le dlí an Bhallstáit ar ar a chríoch atá siad ag feidhmiú; ní foláir dóibh déanamh de réir theagasca údaráis inniúla an Bhallstáit sin;

(b) ach amháin sna staideanna dá bhforáiltear i mír 2, déanfaidh na hoifigigh doiciméad a iompar le linn an bhreathnaithe á dheimhniú gur deonaíodh údarú;

(c) beidh na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe i gcónaí in ann cruthúnas a sholáthar go bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil oifigiúil;

(d) féadfaidh na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe a n-armáin seirbhíse a iompar le linn an bhreathnaithe ach amháin (i) nuair atá dearbhú ginearálta déanta ag an mBallstát iarrtha nach féidir riamh armáin a iompar isteach ar a chríoch; nó (ii) nuair atá a mhalairt de chinneadh sonrach déanta ag an mBallstát iarrtha. Nuair a cheadaítear d'oifigigh de chuid Ballstát eile a n-armáin seirbhíse a iompar, toirmiscfear a n-úsáid ach amháin i gcásanna féinchosanta dlisteanaí;

(e) toirmiscfear iontráil i dteaghaisí príobháideacha agus in áiteanna nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;

(f) ní fhéadfaidh na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe forrán a chur ar an duine faoi bhreathnú ná é a ghabháil;

(g) beidh na hoibríochtaí uile ina n-ábhar do thuarascáil chuig údaráis an Bhallstáit ar ar a chríoch a rinneadh iad; féadfar iallach a chur ar na hoifigigh atá ag déanamh an bhreathnaithe láithriú go pearsanta;

(h) arna iarraidh sin d'údaráis an Bhallstáit ar ar a chríoch a rinneadh an breathnú, cabhróidh údaráis an Bhallstáit ónar tháinig na hoifigigh bhreathnaithe leis an bhfiosrúchán i ndiaidh na hoibríochta inar ghlac siad páirt, lena n-áirítear imeachtaí dlí.

4. Féadfaidh na Ballstáit, ar leibhéal déthaobhach, raon feidhme an Airteagail seo a leathnú agus bearta breise a ghlacadh á chur chun feidhme.

5. Agus ionstraimí glactha an Choinbhinsiúin seo á dtaisceadh aige, féadfaidh Ballstát a dhearbhú nach bhfuil an tAirteagal seo, nó cuid de, ina cheangal air. Féadfar dearbhú den sórt sin a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 22

Seachadadh rialaithe

1. Gabhann gach Ballstát air féin go bhféadfar seachadtaí rialaithe a cheadú ar a chríoch, arna iarraidh sin do Bhallstát eile, faoi chuimsiú imscrúduithe coiriúla maidir le cionta ineiseachadta.

2. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha cinneadh seachadtaí rialaithe a úsáid ó chás go chéile i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

3. Déanfar na seachadtaí rialaithe i gcomhréir le nósanna imeachta an Bhallstáit iarrtha. Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit sin a bheidh inniúil chun gníomhú agus chun na hoibríochtaí a dhíriú.

Rachaidh an t-údarás iarrtha i gceann an tseachadta nuair a thrasnaíonn na hearraí an teorainn nó ag ionad arna chomhaontú lena dtabhairt ar láimh chun aon bhriseadh san fhaireachán a sheachaint. I gcaitheamh a bhfuil fágtha den turas, áiritheoidh an t-údarás iarrtha go ndéanfar buanfhaireachán ar na hearraí ar dhóigh gur féidir leis tráth ar bith na húdair a ghabháil agus na hearraí a urghabháil.

4. Féadfar teacht roimh coinsíneachtaí ar a gcomhaontaítear a seachadadh rialaithe, le toiliú na mBallstát i dtrácht, agus a údarú dóibh leanúint ar a mbealach mar atá siad nó tar éis dá n-inneachar bunaidh a bheith bainte astu nó táirgi eile a bheith curtha ina n-ionad go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 23

Imscrúduithe folaitheacha

1. Arna iarraidh sin don údarás iarrthach, féadfaidh an t-údarás iarrtha a údarú d'oifigigh riarachán custaim an Bhallstáit iarrthaigh, nó d'oifigigh ag gníomhú thar ceann an riaracháin sin, atá ag oibriú faoi chumhdach céannachta bréagaí (imscrúdaitheoirí folaitheacha) oibriú ar chríoch an Bhallstáit iarrtha. Ní dhéanfaidh an t-údarás iarrthach an iarraidh ach amháin dá mbeadh sé an-deacair na fíorais a shoiléiriú gan leas a bhaint as na bearta imscrúdaithe a bheartaítear. Údarófar do na hoifigigh i gceist i gcúrsa a ngníomhaíochtaí faisnéis a bhailiú agus dul i dteagmháil le daoine atá faoi amhras nó daoine eile atá comthaithe leo.

2. Beidh ré teoranta ag imscrúduithe folaitheacha sa Bhallstát iarrtha. Déanfar na himscrúduithe a ullmhú agus a mhaoirsiú i ndlúthchomhar idir údaráis ábhartha an Bhallstáit iarrtha agus an Bhallstáit iarrthaigh.

3. Cinnfidh an t-údarás iarrtha i gcomhréir lena dhlí náisiúnta na coinníollacha faoina gceadaítear imscrúdú folaitheach maille leis na coinníollacha faoina gcuirtear i gcrích é. Má fhaightear i gcúrsa imscrúdaithe fholaithigh faisnéis i ndáil le sárú seachas an sárú atá folaithe san iarraidh bhunaidh, cinnfidh an t-údarás iarrtha freisin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta na coinníollacha a bhaineann leis an leas is féidir a bhaint as faisnéis den sórt sin.

4. Soláthróidh an t-údarás iarrtha an daonchumhacht agus an tacaíocht theicniúil is gá. Glacfaidh sé bearta chun na hoifigigh dá dtagraítear i mír 1 a chosaint fad a bheidh siad ag gníomhú sa Bhallstát iarrtha.

5. Agus ionstraimí glactha an Choinbhinsiúin seo á dtaisceadh aige, féadfaidh Ballstát a dhearbhú nach bhfuil an tAirteagal seo, nó cuid de, ina cheangal air. Féadfar dearbhú den sórt sin a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 24

Foirne imscrúdaithe comhpháirteacha speisialta

1. Féadfaidh údaráis Bhallstát éagsúil foireann imscrúdaithe chomhpháirteach speisialta a chur ar bun de thoil a chéile a bheidh bunaithe i mBallstát amháin agus ar a mbeidh oifigigh a bhfuil na speisialtóireachtaí ábhartha acu.

Beidh de chúram ar an bhfoireann imscrúdaithe chomhpháirteach speisialta:

—  imscrúduithe achrannacha éilitheacha ar sháruithe sonracha a dhéanamh a éilíonn gníomhaíocht chomhuaineach chomhordaithe sna Ballstáit i dtrácht,

—  gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhordú chun saghsanna áirithe sáraithe a chose agus a bhrath agus chun faisnéis a fháil faoi na daoine i dtreis iontu, faoina gcomthaigh agus faoi na modhanna arna n-úsáid.

2. Oibreoidh foirne imscrúdaithe comhpháirteacha speisialta faoi na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a) ní chuirfear ar bun iad ach chun críche sonraí agus go ceann tréimhse teoranta;

(b) beidh oifigeach ón mBallstát ina bhfuil gníomhaíochtaí na foirne á ndéanamh i gceannas ar an bhfoireann;

(c) beidh na hoifigigh rannpháirteacha faoi cheangal ag dlí an Bhallstáit ar ar a chríoch atá gníomhaíochtaí na foirne á ndéanamh;

(d) déanfaidh an Ballstát ina bhfuil gníomhaíochtaí na foirne á ndéanamh na socruithe eagrúcháin is gá chun go bhféadfaidh an fhoireann oibriú.

3. Ní thabharfaidh comhaltas den fhoireann aon chumhachtaí idirghabhála ar chríoch Bhallstáit eile d'oifigigh.

TEIDEAL V — SONRAÍ A CHOSAINT

Airteagal 25

Sonraí a chosaint i ndáil le sonraí a mhalartú

1. Nuair a dhéantar faisnéis a mhalartú, cuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh, i ngach cás sonrach, na ceanglais chun sonraí pearsanta a chosaint. Urramóidh siad forálacha ábhartha Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 um chosaint daoine aonair maidir le huathphróiseáil sonraí pearsanta. D'fhonn sonraí a chosaint, féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le mír 2, coinníollacha a fhorchur maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Ballstát eile a bhféadfar na sonraí pearsanta sin a chur chuige.

2. Gan dochar d'fhorálacha an Choinbhinsiúin maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críoch custaim, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le sonraí pearsanta a pháirtítear de bhun an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm:

(a) ní údarófar don údarás glactha na sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 1(1). Féadfaidh an t-údarás sin, gan réamhthoiliú an Bhallstáit a sholáthair na sonraí, iad a tharchur chuig a chuid riarachán custaim, údarás imscrúdaithe agus comhlachtaí breithiúnacha chun gur féidir leo sáruithe de réir bhri phointe 3 d'Airteagal 4 a ionchúiseamh agus a phionósú. I ngach cás eile ina dtarchuirtear sonraí, beidh gá le toiliú ón mBallstát a sholáthair an fhaisnéis;

(b) áiritheoidh údarás an Bhallstáit a pháirtíonn sonraí go bhfuil siad beacht agus suas chun dáta. Má thagann sé chun solais gur páirtíodh sonraí neamhbheachta nó sonraí nár chóir a pháirtiú nó nach foláir sonraí a páirtíodh go dleathach a scriosadh níos déanaí i gcomhréir le dlí Bhallstát a bpáirtithe, cuirfear sin in iúl láithreach don údarás glactha. Beidh sé faoi cheangal na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh. Má bhíonn cúis ag an údarás glactha a chreidiúint go bhfuil sonraí arna bpáirtiú neamhbheacht nó gur cóir iad a scriosadh, cuirfidh sé Ballstát a bpáirtithe ar an colas;

(c) sna cásanna inar cóir, de réir dhlí Bhallstát a bpáirtithe, sonraí arna bpáirtiú a scriosadh nó a leasú, ní foláir ceart éifeachtúil a thabhairt do na daoine i dtrácht chun na sonraí a cheartú;

(d) taifeadfaidh na húdaráis i dtrácht cur ar aghaidh agus glacadh sonraí arna malartú;

(e) má iarrtar amhlaidh, déanfaidh na húdaráis pháirtithe agus na húdaráis ghlactha an duine i dtrácht a chur ar an eolas, arna iarraidh sin dó, faoi na sonraí pearsanta arna bpáirtiú agus an leas a bhainfear astu. Ní bheidh aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthar má fhaightear, ar an ábhar a mheas, gur mó an tábhacht don phobal an fhaisnéis a choinneáil siar ná an tábhacht don duine i dtrácht an fhaisnéis sin a fháil. Thairis sin, is i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta náisiúnta an Bhallstáit ar ar a chríoch a iarrtar an fhaisnéis a chinnfear ceart an duine i dtrácht chun faisnéis faoi na sonraí pearsanta arna bpáirtiú a fháil. Sula nglacfar aon chinneadh maidir le faisnéis a sholáthar, tabharfar deis don údarás páirtithe a sheasamh a shonrú;

(f) beidh na Ballstáit faoi dhliteanas, i gcomhréir lena ndlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta féin, i leith na díobhála a dhéantar do dhuine trí phróiseáil sonraí arna bpáirtiú sa Bhallstát i dtrácht. Is amhlaidh a bheidh freisin nuair a dhéantar an díobháil toisc go ndearnadh sonraí neamhbheachta a pháirtiú, nó go ndearna an t-údarás páirtithe sonraí a pháirtiú de shárú ar an gCoinbhinsiún seo;

(g) stórálfar na sonraí arna bpáirtiú go ceann tréimhse nach mó ná an tréimhse is gá chun na gcríoch ar páirtíodh chucu iad. Scrúdóidh an Ballstát i dtrácht in am trátha an gá iad a stóráil;

(h) ar aon chuma, beidh ag na sonraí ar a laghad an chosaint chéanna a bhíonn ag sonraí comhchosúla sa Bhallstát a ghlac iad;

(i) glacfaidh gach Ballstát na bearta iomchuí chun a áirithiú trí rialuithe éifeachtúla go ndéanfar an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Féadfaidh gach Ballstát cúram an rialaithe a shannadh don údarás maoirseachta náisiúnta atá luaite in Airteagal 17 den Choinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críoch custaim.

3. Chun críocha an Airteagail seo, tuigfear “próiseáil sonraí pearsanta” i gcomhréir leis an sainmhíniú i bpointe (b) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

TEIDEAL VI — AN COINBHINSIÚN A LÉIRIÚ

Airteagal 26

An Chúirt Bhreithiúnais

1. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialú ar aon díospóid idir Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo nuair nach féidir an díospóid sin a réiteach sa Chomhairle laistigh de shé mhí óna cur faoi bhráid na Comhairle ag ceann dá comhaltaí.

2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun rialú ar aon díospóid idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin nach féidir a réiteach trí chaibidlíocht. Féadfar an díospóid a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais tar éis do thréimhse sé mhí ón dáta a thug ceann de na páirtithe fógra don pháirtí eile go raibh díospóid ann dul in éag.

3. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i míreanna 4 go 7, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú an Choinbhinsiúin seo.

4. Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe an Choinbhinsiúin seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú an Choinbhinsiúin seo mar atá sonraithe i bpointe (a) nó (b) de mhír 5.

5. Sonróidh Ballstát a dhéanann dearbhú de bhun mhír 4:

(a) go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin nach bhfuil aon leigheas breithiúnach ann faoin dlí náisiúnta in aghaidh a breitheanna nó a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le léiriú an Choinbhinsiúin seo má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt; nó

(b) go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le léiriú an Choinbhinsiúin seo má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt.

6. Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin.

7. Beidh aon Bhallstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun mhír 4 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh don Chúirt i gcásanna a thagann chun cinn faoi mhír 5.

8. Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun léirmheas a dhéanamh ar bhailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh i mBallstát ag na seirbhísí inniúla um fhorghníomhú an dlí faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin seo ná ar fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

TEIDEAL VII — CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Rúndacht

Cuirfidh na riaracháin chustaim san áireamh ceanglais rúndacht na n-imscrúduithe i ngach cás sonrach ina malartaítear faisnéis. Chuige sin, féadfaidh Ballstát coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na faisnéise ag Ballstát eile a bhféadfar an fhaisnéis sin a chur chuige.

Airteagal 28

Díolúintí ón oibleagáid cúnamh a sholáthar

1. Ní chuirfidh an Coinbhinsiún seo de cheangal ar údaráis na mBallstát cúnamh a sholáthar nuair ba dhóigh don chúnamh sin beartas poiblí nó leasanna fíor-riachtanacha eile an Bhallstáit i dtrácht a dhochrú, go háirithe i réimse na sonraí a chosaint, nó nuair is follas go bhfuil raon an ghnímh a iarrtar, ach go háirithe i gcomhthéacs na bhfoirmeacha speisialta comhair dá bhforáiltear i dTeideal IV, díréireach le tromchúis an tsáraithe a thoimhdítear. I gcásanna den sórt sin, féadfar cúnamh a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach nó é a chur faoi réir coinníollacha áirithe.

2. Ní foláir na cúiseanna a thabhairt le haon diúltú cúnamh a sholáthar.

Airteagal 29

Caiteachas

1. De ghnáth tarscaoilfidh Ballstáit gach éileamh ar aisíocaíochtaí as costais arna dtabhú i gcur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo, seachas costais i leith táillí arna n-íoc do shaineolaithe.

2. I gcás ina bhfuil nó ina mbeidh gá le caiteachas de chineál suntasach urghnách chun géilleadh don iarraidh, rachaidh na riaracháin chustaim i gceist i gcomhar le chéile chun na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhforghníomhófar an iarraidh agus an dóigh ina n-iomprófar na costais sin a chinneadh.

Airteagal 30

Forchoimeádais

1. Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 20(8), Airteagal 21(5) agus Airteagal 23(5), ní bheidh an Coinbhinsiún seo faoi réir aon fhorchoimeádas.

2. Ballstáit a bhfuil comhaontuithe bunaithe acu eatarthu maidir le hábhair atá faoi rialú ag Teideal IV den Choinbhinsiún seo, ní fhéadfaidh siad forchoimeádais a dhéanamh de bhun mhír 1 ach amháin a mhéad nach ndéanann na forchoimeádais sin difear dá n-oibleagáidí faoi na comhaontuithe sin.

3. Dá réir sin, na hoibleagáidí a thig ó fhorálacha Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur i bhfeidhm agus a fhorálann go mbeidh comhar níos dlúithe ann, ní dhéanfaidh an Coinbhinsiún seo difear dóibh sa chaidreamh idir na Ballstáit atá faoi cheangal na bhforálacha sin.

Airteagal 31

Cur i bhfeidhm criochach

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le críocha na mBallstát mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail, mar atá arna choigeartú leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne agus oiriúnaithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus le Rialachán (CE) Uimh. 82/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996, lena n-áirítear, i gcás Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Oileán Heligoland agus críoch Büsingen (faoi chuimsiú agus de bhun Chonradh an 23 Samhain 1964 idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus an Chónaidhm Eilvéiseach maidir le común Büsingen am Hochrhein a áireamh i gcríoch chustaim na Cónaidhme Eilvéisí, nó sa leagan de atá ann anois) agus, i gcás Phoblacht na hIodáile, bardasachtaí Livigno agus Campione d'Italia, agus beidh feidhm aige freisin maidir le huiscí teorann, uiscí muirí intíre agus aerspás chríocha na mBallstát.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tríd an nós imeachta dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mír 1 a oiriúnú d'aon leasú ar na forálacha de dhlí an Chomhphobail dá dtagraítear inti.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm nócha lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach ar an dáta a ghlac an Chomhairle an Gníomh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a chomhallfaidh an fhoirmiúlacht sin.

4. Go dtí go dtiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, féadfaidh gach Ballstát, tráth an fhógra dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt nó tráth ar bith eile ina dhiaidh sin, a dhearbhú go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo, seachas Airteagal 26 de, a mhéad a bhaineann leis maidir lena chaidreamh leis na Ballstáit a mbeidh an dearbhú céanna déanta acu. Beidh éifeacht leis na dearbhuithe sin nócha lá tar éis dáta a dtaiscthe.

5. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach maidir le hiarrataí a dhéantar tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm nó a chuirtear i bhfeidhm é idir an Ballstát iarrtha agus an Ballstát iarrthach.

6. Ar dháta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm, aisghairfear Coinbhinsiún an 7 Meán Fómhair 1967 maidir le riaracháin chustaim do sholáthar cúnamh frithpháirteach.

Airteagal 33

Aontachas

1. Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d'aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm i leith aon Stáit a aontaíonn dó nócha lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm, mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm cheana tráth na tréimhse thuasluaite nócha lá a dhul in éag.

5. I gcás nach mbeidh an Coinbhinsiún seo tagtha i bhfeidhm fós tráth a n-ionstraimí aontachais a thaisceadh, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 31(4) maidir leis na Ballstáit aontacha.

Airteagal 34

Leasuithe

1. Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún é.

2. Gan dochar d'Airteagal 31(2), glacfaidh an Chomhairle na leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3. Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha Airteagal 32(3).

Airteagal 35

An taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Choinbhinsiúin seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach faisnéis maidir leis an gCoinbhinsiún seo a ghlacadh agus aontachais leis, maidir lena chur chun feidhme agus maidir leis na dearbhuithe agus na forchoimeádais, maille le gach fógra eile a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil ar an ochtú lá déag de Nollaig sa bhliain míle naoi gcéad nócha a seacht, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghacilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.