| |
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972). agus chun éifeacht a thabhairt do Threoir 95/64/CE an 8 Nollaig 19951
ón gComhairle, déanaimse ___________________, Taoiseach, na rialacháin seo a leanas:
|
| |
1. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i leith Iompair Earraí agus Paisinéirí ar Muir), 2001, is teideal do na Rialacháin seo.
|
| |
2. (1) Sna Rialacháin seo -
|
| |
ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993);
|
| |
ciallaíonn “larscríbhinn” larscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir;
|
| |
ciallaíonn “Treoir” Treoir 95/64/CE an 8 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le tuairisceáin staitistiúla i leith iompair earraí agus paisinéirí ar muir;
|
| |
tá le “lárionad cuain iascaigh” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Lárionaid Cuanta Iascaigh, 1968 (Uimh. 18 de 1968);
|
| |
ciallaíonn “oibritheoir iompair mhuirí” aon duine a dhéanann conradh, nó a ndéantar conradh thar a cheann nó thar a ceann, le loingseoir nó le paisinéir chun earraí nó daoine a iompar ar muir;
|
| |
ciallaíonn “Oifig” an Phríomh-Oifig Staidrimh;
|
| |
ciallaíonn “údarás calafoirt” comhlacht atá sonraithe i Sceideal 1 nó 2 agus -
|
| |
(a) i gcás Iarnród Éireann - Irish Rail, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn do chuideachta sin atá ag gníomhú mar an gcomhlacht a bhfuil Cuan Ros Láir faoina
|
| |
(a) i gcás larnród Éireann - Irish Rail, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn do chuideachta sin atá ag gníomhú mar an gcomhlacht a bhfuil Cuan Ros Láir faoina rialú nó faoina bhainistiú,
|
| |
(b) i gcás chomhairle chontae Dhún na nGall, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht ag a bhfuil rialú nó bainistíocht chuan Bhéal Átha Seanaidh, chuan Bhun Cranncha, chuan Ailt an Chorráin, chuan an Chaisleáin Nua agus chuan Ráth Maoláin,
|
| |
(c) i gcás chomhairle cheantar uirbeach Dhún Garbhán, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cuan Dhún Garbhán,
|
| |
(d) i gcás chomhairle cheantar uirbeach Chill Rois, déanfar é a fhorléiriú mar an chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cé na Ceapaí i gCill Rois, agus
|
| |
(e) i gcás chomhairle cheantar uirbeach Eochaille, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cuan Eochaille;
|
| |
ciallaíonn “ráithe” tréimhse 3 mhí dar tosach an l ú lá d'Eanáir, an lú lá d'Aibreán, an l ú lá d'lúil nó an l ú lá de Dheireadh Fómhair aon bhliain;
|
| |
ciallaíonn “soitheach farraige” soitheach farraige seachas -
|
| |
(a) soitheach a loingsíonn go heisiach in uiscí intíre nó in uiscí atá laistigh d'uiscí foscúla nó de limistéir ina bhfuil feidhm ag rialacháin chalafoirt nó an-tadhlach le huiscí nó le limistéir den sórt sin,
|
| |
(b) soitheach gabhála éisc,
|
| |
(c) soitheach próiseála éisc,
|
| |
(d) soitheach druileála nó taiscéalaíochta,
|
| |
(e) tuga,
|
| |
(f) brú-árthach,
|
| |
(g) soitheach taighde agus suirbhéireachta,
|
| |
(h) dreidire,
|
| |
(i) soitheach cabhlaigh, nó
|
| |
(j) soitheach a úsáidtear d'aon toisc chun críocha neamhthráchtála.
|
| |
(2) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon fhocal nó abairt a úsáidtear sna Rialacháin seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir, tá an bhrí chéanna leis nó léi sna Rialacháin seo atá léi sa Treoir.
|
| |
(3) Sna Rialacháin seo, aon tagairt do Rialachán nó do Sceideal, is tagairt í do Rialachán de chuid na Rialachán seo nó do Sceideal a ghabhann leo.
|
| |
(4) Sna Rialacháin seo, déanfar aon tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, nó faoi, lena n-áirítear na Rialacháin seo.
|
| |
3. (1) (a) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A1, A2, C1, D1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
|
| |
(b) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A1, A2, C1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
|
| |
(c) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí D1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh farraige de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
|
| |
(2) (a) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí B1 agus E1 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
|
| |
(b) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A3, B1 agus E1 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san Iarscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
|
| |
(c) Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1 nó i Sceideal 2, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun an tsraith sonraí A3 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh farraige de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin.
|
| |
4. (1) (a) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A1, A2, C1, D1 agus F2 atá sonraithe san Iarscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, nó le paisinérí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
|
| |
(b) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A1, A2, C1 agus F2 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
|
| |
(c) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí D1 agus F2 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
|
| |
(2) (a) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí B1 agus E1 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
|
| |
(b) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A3, B1 agus E1 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin. nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
|
| |
(c) Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1 nó i Sceideal 2, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraithe sonraí A3 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort nó i gcalafoirt an údaráis calafoirt sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort nó sna calafoirt sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin.
|
| |
5. Comhlíonfaidh an Oifig Airteagail 6 agus 7 den Treoir agus, dá réir sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt sna hAirteagail sin do Bhallstáit a fhorléiriú mar thagairt don Oifig.
|
| |
6. Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh Rialachán 3 nó 4 a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
|
| |
7. Beidh feidhm ag ailt 15, 23, 26 go 29, 32, 36 go 40 agus 42 go 44 d'Acht 1993, leis na modhnuithe seo a leanas, maidir leis na Rialacháin seo agus, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt sna hailt sin don Acht sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na Rialacháin seo -
|
| |
(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin 26, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo” gach áit a bhfuil sé,
|
| |
(b) san alt sin 36, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo”,
|
| |
(c) san alt sin 38, “nó faoi na hachtacháin aisghairthe” agus “nó a dhéanfaidh faisnéis a bhaineann le haon duine nó gnóthas inaitheanta a nochtadh go toiliúil de shárú ar alt 33 den Acht seo” a scriosadh,
|
| |
(d) san alt sin 42, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo”,
|
| |
(e) san alt sin 44 -
|
| |
(i) i bhfo-alt (1), “dlífear ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi” a chur in ionad
|
| |
“dlífear -
|
| |
(a) ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi, nó
|
| |
(b) ar é nó i a chiontú ar díotáil fineáil nach mó ná £20,000 a chur air nó uirthi”,
|
| |
agus
|
| |
(ii) i bhfo-alt (2), “dlífear ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £50 a chur air nó uirthi” a chur in ionad
|
| |
“dlífear -
|
| |
(a) ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £50 a chur air nó uirthi, nó
|
| |
(b) ar é nó i a chiontú ar díotáil fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi”,
|
| |
agus déanfar tagairt in aon cheann de na hailt réamhráite d'Acht 1933 d'alt de chuid an Achta sin a fhorléiriú mar thagairt don alt sin arna mhodhnú leis an Rialachán seo agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.
|
| |
8. I gcás cion faoi na Rialacháin seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú, le ceadú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach comhchosúil eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
|
| |
SCEIDEAL 1
ÚDARÁIS CHALAFOIRT DO CHALAFOIRT A SHOLÁTHRAÍONN FAISNÉIS DON OIFIG IN AGHAIDH NA RÁITHE AGUS IN AGHAIDH NA BLIANA
|
| |
Rialacháin 3 agus 4
|
| |
CUID 1
|
| |
Cuideachta Chalafort Chorcaí
|
| |
Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath
|
| |
Iarnród Éireann - Irish Rail
|
| |
CUID 2
|
| |
Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí
|
| |
Cuideachta Chalafort Dhroichead Átha
|
| |
Cuideachta Chalafort Ros Mhic Thriúin
|
| |
Cuideachta Chalafort na Fianaite/na Sionainne
|
| |
Cuideachta Chalafort Phort Lairge
|
| |
CUID 3
|
| |
Cuideachta Chalafort Dhún Laoghaire
|
| |
SCEIDEAL 2
ÚDARÁIS CHALAFOIRT DO CHALAFOIRT A SHOLÁTHRAÍONN FAISNÉIS DON OIFIG IN AGHAIDH NA BLIANA
|
| |
Rialacháin 3 agus 4
|
| |
Coimisinéirí Cé Áth na gCasán
|
| |
Coimisinéirí Cuain an Inbhir Mhóir
|
| |
Comisinéirí Cuain Dhún na Séad agus an Sciobairín
|
| |
CRH Roadstone Provinces Ltd.
|
| |
Coimisinéirí Cuain an Daingin
|
| |
Comhairle chontae Dhún na nGall
|
| |
Coimisinéirí Cuain Dhún Dealgan
|
| |
Comhairle cheantar uirbeach Dhún Garbhán
|
| |
Cuideachta Chuan na Gaillimhe
|
| |
Greenore Ferry Services Limited
|
| |
Comhairle cheantar uirbeach Chill Rois
|
| |
Coimisinéirí Cuain Chionn tSáile
|
| |
Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha i ndáil leis na lárionaid chuanta iascaigh seo a leanas:
|
| |
(a) an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Bhaile Chaisleáin Bhéarra san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Baile Chaisleáin Bhéarra), 1970 (I.R. Uimh. 57 de 1970),
|
| |
(b) an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Dhún Mór san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Dún Mór), 1989 (I.R. Uimh. 337 de 1989),
|
| |
(c) an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Bhinn Éadair san Ordú um Larionad Chuan Iascaigh (Binn Éadair), 1989 (I.R. Uimh. 336 de 1989),
|
| |
(d) an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh na gCealla Beaga san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Na Cealla Beaga), 1969 (I.R. Uimh. 210 de 1969),
|
| |
(e) an Iárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Ros a' Mhíl san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Ros a' Mhíl), 1981 (I.R. Uimh. 208 de 1981),
|
| |
Coimisinéirí na Muaidhe
|
| |
Coimisinéirí Cuain Shligigh
|
| |
Coimisinéirí Cé agus Cuain na Fianaite
|
| |
Coimisinéirí Calafoirt agus Cuain Chathair na Mart
|
| |
Coimisinéirí Cuain Loch Garman
|
| |
Coimisinéirí Cuain Chill Mhantáin
|
| |
Comhairle cheantar uirbeach Eochaille
|
| |

|
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil,
6 Nov. 2001.
|

|
_______________
Taoiseach.
|
|
| |
1 IO Uimh. L320, 30.12.95, Ich. 25 |