| |
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 25(1) den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993), agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1997 (I.R. Uimh. 327 de 1997), agus chun críocha éifeacht a thabhairt do Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 an 19 Bealtaine, 1998, ón gComhairle1
, ordaímse, Séamus Ó Braonáin, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:
|
| |
1. An tOrdú Staidrimh (Praghsanna Aschuir), 2000, is teideal don Ordú seo.
|
| |
2. Tá feidhm ag an Ordú seo maidir leis na haonaid staidrimh i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 an 15 Márta, 1993, ón gComhairle2
, seachas údaráis phoiblí, a aicmítear chun críocha staitistiúla faoi Ranna C go E de NACE Rev. 1 (atáleagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 an 9 Deireadh Fómhair, 1991, ón gComhairle3
, arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 761/93 an 24 Márta 1993, ón gComhairle4
) ar aonaid iad ina bhfostaítear deichniúr nó níos mó agus a bhí ag gabháil dá ngníomhaíochtaí eacnamaíochta faoi seach aon tráth le linn na bliana ar ina leith a dhéantar suirbhé dá dtagraítear in Airteagal 3 den Ordú seo.
|
| |
3. Cuirfear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 4 den Ordú seo i bhfoirm staidrimh de bhun suirbhé mhíosúil a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh agus cuirfear ar fáil í de réir treoracha faoi alt 26 den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993).
|
| |
4. Ceanglaítear ar aonad staidrimh a bhfuil feidhm ag an Ordú seo leis faisnéis a chur ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh i ndáil lena phraghsanna aschuir agus, ach go háirithe, cuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis a shonraítear sa Sceideal den Ordú seo.
|
| |
SCEIDEAL 1
|
| |
A. Sonraí táirgí sonraithe le praghsáil a dhéanfar a athbhreithniú go bliantúil, .i. tuairisc téarmaí díolacháin, tír díolacháin, lascaine/formhuirir, airgeadra díolacháin.
|
| |
B. Praghsanna idirbhirt ar an gcúigiú lá déag de gach mí maidir le táirgí sonraithe.
|
| |

|
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,
|
31st oct. 2001.
|

|
Séamus Ó Braonáin, T.D.
|
Aire Stáit ag
|
Roinn an Taoisigh
|
|
| |
1 I.O. Uimh. L 162, 5.6.1998, Ich. I.
2 I.O. Uimh, L76, 30.3.1993, Ich. 1
3 I.O. Uimh, L293, 24.10.1990, Ich. 1
4 I.O. Uimh, L83, 3.4.1993, Ich. 1 |