I.R. Uimh. 357/2013 - Na Rialacháin um Acht na Gaeltachta, 2012 (Alt 12), 2013
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Meán Fómhair, 2013 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 3 agus 12 d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2013 (I.R. Uimh. 94 de 2013), déanaimse, DONNCHADH MAC FHIONNLAOICH, an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas: | ||
Lua | ||
1. Féadfar na Rialacháin um Acht na Gaeltachta, 2012 (Alt 12), 2013 a ghairm de na Rialacháin seo. | ||
Léiriú | ||
2. Sna Rialacháin seo— | ||
ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Oideachais, 1998 (Uimh. 51 de 1998); | ||
ciallaíonn “Acht 2012” Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) ; | ||
ciallaíonn “trí mheán an Bhéarla”, i ndáil le seirbhísí, oideachas nó gníomh-aíochtaí a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú, na seirbhísí, an t-oideachas nó na gníomhaíochtaí sin a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú trí Bhéarla; | ||
ciallaíonn “trí mheán na Gaeilge”, i ndáil le seirbhísí, oideachas nó gníomh-aíochtaí a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú, na seirbhísí, an t-oideachas nó na gníomhaíochtaí sin a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú trí Ghaeilge; | ||
ciallaíonn “limistéar iomchuí” limistéar is ábhar d’fhógra faoi alt 7(3) d’Acht 2012; | ||
ciallaíonn “pobal iomchuí” pobal a fhéadfaidh an tAire a ainmniú le hordú chun bheith ina Líonra Gaeilge faoi alt 11(1) d’Acht 2012; | ||
ciallaíonn “baile iomchuí” baile is ábhar d’fhógra faoi alt 9(2) d’Acht 2012. | ||
Critéir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta | ||
3. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. | ||
Critéir Pleanála Teanga do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta | ||
4. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Bailte Seirbhíse Gaeltachta. | ||
Critéir Pleanála Teanga do Líonraí Gaeilge | ||
5. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Líonraí Gaeilge. | ||
AN SCEIDEAL | ||
Cuid 1 | ||
Critéir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta | ||
1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta faoi fho-alt (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 7 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa limistéar iomchuí. | ||
2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa limistéar iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an limistéar iomchuí. | ||
3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa limistéar iomchuí. | ||
4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin. | ||
5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí. | ||
6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa limistéar iomchuí. | ||
7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa limistéar iomchuí. | ||
8. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le húsáid na Gaeilge ag leanaí ó theaghlaigh nach í an Ghaeilge an teanga labhartha atá sa bhaile acu. | ||
9. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le foghlaim na Gaeilge ag leanaí réamhscoile, d’fhonn tacú le rollú i mbunscoileanna Gaeilge. | ||
10. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa limistéar iomchuí. | ||
11. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais. | ||
12. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa limistéar iomchuí. | ||
13. Cuideachtaí agus gnóthaí a bheith ann a sholáthraíonn seirbhísí trí mheán na Gaeilge don phobal sa limistéar iomchuí. | ||
14. Beartais fostaíochta agus earcaíochta a bheith ann atá á gcur i ngníomh ag cuideachtaí agus gnóthaí sa limistéar iomchuí ar mhodh a chinntíonn go bhfuil ar a gcumas seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar. | ||
15. A mhéid a úsáideann eagraíochtaí pobail agus comharchumainn an Ghaeilge sa limistéar iomchuí. | ||
16. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa limistéar iomchuí. | ||
17. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí. | ||
18. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí. | ||
19. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa limistéar iomchuí leis an bplean teanga. | ||
Cuid 2 | ||
Critéir Pleanála Teanga do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta | ||
1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta nó ag Foras na Gaeilge, de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (5), (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 9 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa bhaile iomchuí. | ||
2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa bhaile iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an mbaile iomchuí. | ||
3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa bhaile iomchuí. | ||
4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin. | ||
5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí. | ||
6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa bhaile iomchuí. | ||
7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa bhaile iomchuí. | ||
8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa bhaile iomchuí. | ||
9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais. | ||
10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa bhaile iomchuí. | ||
11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil ghnó sa bhaile iomchuí. | ||
12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa bhaile iomchuí. | ||
13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí. | ||
14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí. | ||
15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa bhaile iomchuí leis an bplean teanga. | ||
Cuid 3 | ||
Critéir Pleanála Teanga do Líonraí Gaeilge | ||
1. Eagraíocht, a measann Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal faoi alt 11(3) d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa phobal iomchuí. | ||
2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa phobal iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an bpobal iomchuí. | ||
3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa phobal iomchuí. | ||
4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin. | ||
5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí. | ||
6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa phobal iomchuí. | ||
7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa phobal iomchuí. | ||
8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa phobal iomchuí. | ||
9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa phobal iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais. | ||
10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa phobal iomchuí. | ||
11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil ghnó sa phobal iomchuí. | ||
12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa phobal iomchuí. | ||
13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí. | ||
14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí. | ||
15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa phobal iomchuí leis an bplean teanga. | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, | ||
17 Meán Fómhair 2013. | ||
DONNCHADH MAC FHIONNLAOICH, | ||
An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. |