I.R. Uimh. 332/2016 - An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2016.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1ú Iúil, 2016, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
Ar iarraidh a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: | ||
1. An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2016 is teideal don Ordú seo. | ||
2. Déantar cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugtar di— | ||
(a) leis na hAchtanna den Oireachtas nó na reachtanna nó faoi na hAchtanna den Oireachtas nó na reachtanna a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal, | ||
(b) le forálacha na nAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus | ||
(c) faoi fhorálacha na Rialachán a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal, | ||
a tharmligean chuig Seán Ó Cadhain, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. | ||
AN SCEIDEAL | ||
Cuid 1 | ||
Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001 | ||
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956) | ||
Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 2010 | ||
Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003) | ||
Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007 | ||
Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) | ||
Cuid 2 | ||
Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear san alt sin a aistrítear leis an Ordú um an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) dAcht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998) | ||
Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999) | ||
Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) dfho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007) | ||
Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000) | ||
Cuid 3 | ||
Airteagail 28(1)(o), 82(3)(o), 121(1)(o) agus 179(2)(p) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go 2015 | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, | ||
28 Meitheamh 2016. | ||
ENDA KENNY, | ||
Taoiseach. |