Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 19A go 19D a chur isteach

9. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19:

“Caighdeáin teanga

19A. (1) D’fhonn caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an gcomhlacht nó le gach ceann de na comhlachtaí san aicme comhlachtaí poiblí, an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí a fhorordú chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin teanga a mbeidh feidhm acu maidir le comhlacht poiblí nó maidir le haicme comhlachtaí poiblí a fhorordófar faoi fho-alt (1), agus féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla comhlachtaí poiblí.

(3) Maidir le caighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2), féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar an méid seo a leanas—

(a) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(b) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí nó ag an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann,

(c) an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag foireann de chuid an chomhlachta phoiblí nó de chuid na haicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann chun an méid seo a leanas a dhéanamh—

(i) a chumasú don chomhlacht poiblí nó don aicme comhlachtaí poiblí míreanna (a) agus (b) a chomhlíonadh, agus

(ii) a chumasú d’fhoireann de chuid gach ceann de na comhlachtaí poiblí lena mbaineann cumarsáid a dhéanamh, laistigh den chomhlacht sin, le foireann eile de chuid an chomhlachta—

(I) trí mheán na Gaeilge, nó

(II) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,

agus

(d) i gcás go bhfuil seirbhís, clár nó beartas á seachadadh nó á sheachadadh nó á cur i ngníomh nó á chur i ngníomh ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí, nó go mbeartaíonn comhlacht poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí seirbhís, clár nó beartas a sheachadadh nó a chur i ngníomh, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, a mhéid a chuirfear i gcuntas an tionchar teanga ar an Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, ar an mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó ar an Líonra Gaeilge lena mbaineann maidir le seachadadh nó cur i ngníomh na seirbhíse, an chláir nó an bheartais sin.

(4) Le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas—

(a) na seirbhísí a sholáthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge,

(b) aon scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14,

(c) aon chaighdeán teanga a fhorordófar faoin alt seo, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht,

(d) a mhéid a idirghníomhaíonn an comhlacht poiblí nó an aicme comhlachtaí poiblí lena mbaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne,

(e) a mhéid a fhéadfaidh seirbhís, clár nó beartas arna seachadadh nó arna sheachadadh nó arna cur i ngníomh nó arna chur i ngníomh, nó a bheidh le seachadadh nó le cur i ngníomh, ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí difear a dhéanamh don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge, agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta,

(f) aon bharúlacha a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (6)(c) nó (d), agus

(g) seirbhísí a shainaithneofar sa Phlean Náisiúnta.

(5) Cinnteoidh an tAire, le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), nach mbeidh d’éifeacht le caighdeán a bheidh le forordú a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoin alt seo) roimh an gcaighdeán a fhorordú.

(6) Sula ndéanfaidh an tAire caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2)—

(a) rachaidh sé nó sí i gcomhairle—

(i) le cibé Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire, ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin, agus

(ii) le cibé comhlacht poiblí is cuí leis an Aire,

(b) lorgóidh sé nó sí comhairle an Choiste Chomhairligh,

(c) déanfaidh sé nó sí dréacht de na caighdeáin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus 3 mhí, ón dáta foilsithe, a thabhairt don phobal i gcoitinne chun barúlacha, i scríbhinn, a sholáthar don Aire ar na dréachtchaighdeáin, agus

(d) rachaidh sé nó sí i dteagmháil le gach comhlacht poiblí a mbeidh feidhm ag caighdeán maidir leis lena chur in iúl go bhféadfaidh an comhlacht, laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe na ndréachtchaighdeán faoi mhír (c), a bharúlacha ar na dréachtchaighdeáin a sholáthar don Aire.

(7) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(c) nó (d) a fhadú.

(8) Déanfaidh an tAire cóip de chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.

(9) (a) Déanfaidh an tAire, ó am go ham ach uair amháin ar a laghad gach 5 bliana, athbhreithniú ar chaighdeáin teanga a fhorordófar faoi fho-alt (2).

(b) Le linn dó nó di an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh, lorgóidh an tAire comhairle an Choiste Chomhairligh.

(10) D’ainneoin an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge freisin, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.

Dualgas caighdeáin teanga a chomhlíonadh

19B. (1) I gcás go mbeidh caighdeán teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an chaighdeáin nó i leith cuid den chaighdeán, an caighdeán, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i gcaighdeán teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2), is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, mar ní a thoirmisceann ar chomhlacht poiblí bearta breise a chur i ngníomh chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh dá eagraíocht.

Maolú ar chaighdeáin teanga

19C. (1) Laistigh de 3 mhí tar éis caighdeán teanga a fhorordú, is caighdeán teanga a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcomhlacht faoi alt 19A(2), féadfaidh comhlacht poiblí iarratas a dhéanamh, i scríbhinn, chuig an Aire chun maolú a lorg ar an gcaighdeán nó ar chuid den chaighdeán.

(2) Beidh na nithe seo a leanas in iarratas faoi fho-alt (1)—

(a) ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna go measann an comhlacht nach mbeidh sé in ann an caighdeán teanga, nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh mar gheall ar na nithe seo a leanas—

(i) gan dóthain foirne de chuid an chomhlachta, ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge, a bheith ar fáil, go háirithe i suíomhanna geografacha iargúlta,

(ii) mainneachtain ag an gcomhlacht, d’ainneoin iarrachtaí réasúnacha agus sásúla, foireann ag a mbeidh an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge a earcú, nó

(iii) neamh-chomhoiriúnacht na gcóras láithreach teicneolaíochta faisnéise nó na gcóras láithreach eile atá ag an gcomhlacht i ndáil leis an gcomhlacht do chomhlíonadh an chaighdeáin bheartaithe, mar gheall ar chumraíocht láithreach na gcóras sin,

(b) plean lena dtabharfar sracléiriú ar an ngníomh a dhéanfaidh an comhlacht—

(i) chun aon éifeachtaí dochracha ar an bpobal i gcoitinne nó ar aicme den phobal i gcoitinne a laghdú, a mhéid is féidir, de réir mar is cuí, de thoradh an maolú a dheonú, agus

(ii) chun a chumasú dó an caighdeán beartaithe a chomhlíonadh ar dháta sonraithe sa todhchaí,

agus

(c) aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht is iomchuí maidir leis an iarratas.

(3) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas—

(a) an ráiteas, an plean agus aon fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (2), agus

(b) aon ní eile a mheasann an tAire is iomchuí.

(4) Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh maolú a dheonú faoin alt seo, féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó le cibé duine eile is cuí leis an Aire.

(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, nó cibé tréimhse bhreise nach faide ná 6 mhí, maolú ar an gcaighdeán teanga lena mbaineann, nó ar chuid den chaighdeán lena mbaineann, a dheonú nó diúltú an céanna a dheonú.

(6) Ní dhéanfaidh an tAire maolú a dheonú faoin alt seo i gcás go mbeadh d’éifeacht leis, dá ndéanfaí amhlaidh, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoi alt 19A) roimh an gcaighdeán, ar ina leith a bheidh an t-iarratas faoi fho-alt (1) déanta, a fhorordú.

(7) (a) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí, i dtuairim an Aire, a chur ag gabháil le maolú a dheonófar faoin alt seo.

(b) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú, is tréimhse nach faide ná 3 bliana, ar i ndáil léi a bheidh feidhm ag maolú, agus ar ina diaidh a bheidh feidhm ag an gcaighdeán teanga nó ag an gcuid den chaighdeán, ar ina leith a bheidh an maolú deonaithe, maidir leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(8) Féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, an tréimhse, ar ar a feadh a bheidh feidhm ag maolú a dheonófar faoin alt seo, a fhadú ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 2 bhliain.

(9) Aon chomhlacht poiblí a mbeidh maolú deonaithe dó, tabharfaidh sé tuarascáil don Aire laistigh de 12 mhí ón maolú a dheonú nó cibé tréimhse is giorra ná sin a shonróidh an tAire i gcoinníoll a bheidh ag gabháil leis an maolú, agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí go rachaidh an maolú in éag, chun sracléiriú a thabhairt ar an ngníomh a bheidh déanta ag an gcomhlacht le linn na tréimhse sin ionas go bhféadfaidh an comhlacht an caighdeán teanga beartaithe a chomhlíonadh faoi dháta sonraithe sa todhchaí.

Treoirlínte i leith caighdeáin teanga

19D. (1) Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint chun treoir phraiticiúil a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir leis na comhlachtaí sin do chomhlíonadh caighdeáin teanga a fhorordófar faoi alt 19A(2).

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.”.