I.R. Uimh. 579/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Líonraí Gaeilge a Ainmniú), 2021
Notice of the making of this Statutory Instrument was published in | ||
“Iris Oifigiúil” of 9 Samhain, 2021. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 11(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, Jack Chambers, Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Líonraí Gaeilge a Ainmniú), 2021 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Ainmnítear pobal a shonraítear sa Sceideal mar Líonra Gaeilge chun críocha alt 11(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) . | ||
SCEIDEAL | ||
Líonra Gaeilge: Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe | ||
(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Baile Locha Riach (Uirbeach) and Baile Locha Riach (Tuath). | ||
Líonra Gaeilge: Cluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath | ||
(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Cluain Dolcáin, Cluain Dolcáin-Dún Amhlaoibh agus Cluain Dolcáin-An Mhainistir. | ||
Líonra Gaeilge: Inis, Co. an Chláir | ||
(1) An lonnaíocht seo a leanas: Inis | ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
13 Deireadh Fómhair 2021. | ||
JACK CHAMBERS, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. |