I.R. Uimh. 708/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 2), 2021
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Nollaig, 2021, á rá go | ||
ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 2), 2021 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) . | ||
SCEIDEAL | ||
Limistéar Pleanála Teanga: Na Rosa, Co. Dhún na nGall | ||
(1) Na limistéir toghroinne i gContae Dhún na nGall seo a leanas: Inis Mhic an Doirn, An Clochán Liath, Leitir Mhic an Bhaird agus An Machaire. | ||
(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Anagaire i gContae Dhún na nGall atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Bhráid, Droim na Ceárta, An Dún Mór, An Carn Buí, An Charraig Fhinn, Gort Lios Saighead, Mín Doire Ghabhann, Mullach Dearg, Sliabh Mhullach Dearg, Mullach Dubh Thuaidh agus Mullach Dubh Theas. | ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
8 Nollaig 2021. | ||
JACK CHAMBERS, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. |