I.R. Uimh. 710/2021 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 4), 2021
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Nollaig, 2021, á rá go | ||
ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), (Uimh. 4), 2021 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) . | ||
SCEIDEAL | ||
Limistéar Pleanála Teanga: An tEachréidh, Co. na Gaillimhe | ||
(1) Na limistéir toghroinne i gContae na Gaillimhe seo a leanas: Baile Chláir, An Carn Mór agus Eanach Dhúin (Gaillimh). | ||
(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Bhaile an Teampaill i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile an Gharráin agus An Poll Caoin. | ||
(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair Cheathrú an Bhrúnaigh i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ceathrú an Bhrúnaigh, An Chluain, Cluain Mhic Cáinín (Dún Coillín), Cluain Mhic Cáinín (Gaillimh), Coill Uachtair, Gort an Chalaidh, An Pollach Riabhach, An Saighleán agus Sceach Liag. | ||
(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair Leacach Beag i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cill Torróg agus Na Croisíní. | ||
(5) An chuid sin de thoghroinn ceantair Lisín an Bhealaigh i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: An Carn Mór Thoir. | ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
8 Nollaig 2021. | ||
JACK CHAMBERS, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. |