I.R. Uimh. 253/2024 - An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2) 2024


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 24 Bealtaine, 2024, á rá go ndearnadh

an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (arna oiriúnú leis an Ordú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 2024 is teideal don Ordú seo.

2. Déantar cumhachtaí (seachas an chumhacht chun cion a ionchúiseamh) agus dualgais an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thugtar di-

(a) leis an Acht um Spórt Éireann, 2015 (Uimh. 15 de 2015) seachas alt 4 agus míreanna 2, 3 agus 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin, nó faoi,

(b) le halt 847A (a cuireadh isteach le halt 41 den Acht Airgeadais, 2002 (Uimh. 5 de 2002)) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (Uimh. 39 de 1997), nó faoi, agus

(c) leis an Acht Deochanna Meisciúla, 2003 (Uimh. 31 de 2003), nó faoi,

a tharmligean chuig Tomás Ó Broin, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais

21 Bealtaine, 2024.

SIMON HARRIS,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, inter alia, le cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordaithe Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gach cumhacht nó dualgas tarmligthe go fóill á dílsiú nó á dhílsiú in Aire an Rialtais i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus féadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo do tharmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann le Spórt Éireann ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Stáit le freagracht as Spórt.