I.R. Uimh. 357/2013 - Na Rialacháin um Acht na Gaeltachta, 2012 (Alt 12), 2013


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Meán Fómhair, 2013 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 3 agus 12 d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus leis an Ordú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2013 (I.R. Uimh. 94 de 2013), déanaimse, DONNCHADH MAC FHIONNLAOICH, an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:

Lua

1. Féadfar na Rialacháin um Acht na Gaeltachta, 2012 (Alt 12), 2013 a ghairm de na Rialacháin seo.

Léiriú

2. Sna Rialacháin seo—

ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Oideachais, 1998 (Uimh. 51 de 1998);

ciallaíonn “Acht 2012” Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) ;

ciallaíonn “trí mheán an Bhéarla”, i ndáil le seirbhísí, oideachas nó gníomh-aíochtaí a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú, na seirbhísí, an t-oideachas nó na gníomhaíochtaí sin a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú trí Bhéarla;

ciallaíonn “trí mheán na Gaeilge”, i ndáil le seirbhísí, oideachas nó gníomh-aíochtaí a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú, na seirbhísí, an t-oideachas nó na gníomhaíochtaí sin a thabhairt, a sholáthar nó a oibriú trí Ghaeilge;

ciallaíonn “limistéar iomchuí” limistéar is ábhar d’fhógra faoi alt 7(3) d’Acht 2012;

ciallaíonn “pobal iomchuí” pobal a fhéadfaidh an tAire a ainmniú le hordú chun bheith ina Líonra Gaeilge faoi alt 11(1) d’Acht 2012;

ciallaíonn “baile iomchuí” baile is ábhar d’fhógra faoi alt 9(2) d’Acht 2012.

Critéir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

3. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Critéir Pleanála Teanga do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta

4. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

Critéir Pleanála Teanga do Líonraí Gaeilge

5. Déantar na critéir a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal a fhorordú mar chritéir pleanála teanga a mbeidh aird ag an Aire orthu chun pleananna Gaeilge a cheadú le haghaidh Líonraí Gaeilge.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Critéir Pleanála Teanga do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta faoi fho-alt (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 7 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa limistéar iomchuí.

2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa limistéar iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an limistéar iomchuí.

3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa limistéar iomchuí.

4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.

5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.

6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa limistéar iomchuí.

7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa limistéar iomchuí.

8. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le húsáid na Gaeilge ag leanaí ó theaghlaigh nach í an Ghaeilge an teanga labhartha atá sa bhaile acu.

9. Socruithe cuí a bheith ann sa limistéar iomchuí chun tacú le foghlaim na Gaeilge ag leanaí réamhscoile, d’fhonn tacú le rollú i mbunscoileanna Gaeilge.

10. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa limistéar iomchuí.

11. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.

12. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa limistéar iomchuí.

13. Cuideachtaí agus gnóthaí a bheith ann a sholáthraíonn seirbhísí trí mheán na Gaeilge don phobal sa limistéar iomchuí.

14. Beartais fostaíochta agus earcaíochta a bheith ann atá á gcur i ngníomh ag cuideachtaí agus gnóthaí sa limistéar iomchuí ar mhodh a chinntíonn go bhfuil ar a gcumas seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

15. A mhéid a úsáideann eagraíochtaí pobail agus comharchumainn an Ghaeilge sa limistéar iomchuí.

16. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa limistéar iomchuí.

17. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa limistéar iomchuí.

18. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa limistéar iomchuí.

19. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa limistéar iomchuí leis an bplean teanga.

Cuid 2

Critéir Pleanála Teanga do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta

1. Eagraíocht, arna roghnú ag Údarás na Gaeltachta nó ag Foras na Gaeilge, de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (5), (6), (10)(a) nó (13)(a), de réir mar is cuí, d’alt 9 d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa bhaile iomchuí.

2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa bhaile iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an mbaile iomchuí.

3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa bhaile iomchuí.

4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.

5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.

6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa bhaile iomchuí.

7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa bhaile iomchuí.

8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa bhaile iomchuí.

9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.

10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa bhaile iomchuí.

11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil ghnó sa bhaile iomchuí.

12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa bhaile iomchuí.

13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa bhaile iomchuí.

14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa bhaile iomchuí.

15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa bhaile iomchuí leis an bplean teanga.

Cuid 3

Critéir Pleanála Teanga do Líonraí Gaeilge

1. Eagraíocht, a measann Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal faoi alt 11(3) d’Acht 2012, a bheith ann chun an plean teanga a ullmhú agus a chur i ngníomh sa phobal iomchuí.

2. An cion den daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá acu sa phobal iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta ar an bpobal iomchuí.

3. Na socruithe a shonraítear maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa phobal iomchuí.

4. Forálacha Acht 1998 a bheith á n-úsáid, de réir mar is cuí, chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí, ag féachaint go háirithe do mhíreanna (i) agus (j) d’alt 6 den Acht sin.

5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réir bheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lena n-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge i scoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla, de réir mar is cuí.

6. Beartais teanga chuí a bheith ann laistigh den timpeallacht scoile a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga labhartha lasmuigh den chóras oideachais sa phobal iomchuí.

7. Seirbhísí cuí cúraim leanaí, réamhscolaíochta agus tacaíochta teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga, a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge sa phobal iomchuí.

8. Gníomhaíochtaí sóisialta cuí trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga agus d’aoisghrúpaí eile a bheith ar fáil agus beartais teanga chuí a bheith ann i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin sa phobal iomchuí.

9. Deiseanna cuí a bheith ar fáil sa phobal iomchuí chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.

10. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge i gcúrsaí sóisialta agus áineasa sa phobal iomchuí.

11. A mhéid a úsáidtear an Ghaeilge san earnáil ghnó sa phobal iomchuí.

12. A mhéid a úsáideann na meáin chumarsáide áitiúla an Ghaeilge sa phobal iomchuí.

13. Forálacha iomchuí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2013 a bheith á n-úsáid chun tacú leis an nGaeilge sa phobal iomchuí.

14. Seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí.

15. A mhéid a thacaíonn an pobal i gcoitinne sa phobal iomchuí leis an bplean teanga.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

17 Meán Fómhair 2013.

DONNCHADH MAC FHIONNLAOICH,

An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.