I.R. Uimh. 547/2020 - An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Samhain, 2020, | ||
á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
Ar iarraidh a fháil ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)), agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: | ||
1. An tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 is teideal don Ordú seo. | ||
2. Déantar na cumhachtaí (seachas an chumhacht chun cion a ionchúiseamh) agus na dualgais de chuid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thugtar di— | ||
(a) leis na hAchtanna den Oireachtas nó leis na reachtanna, nó faoi na hAchtanna den Oireachtas nó faoi na reachtanna, a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh, agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht, agus a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal, | ||
(b) leis na forálacha de na hAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus | ||
(c) faoi na hionstraimí a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal, | ||
a tharmligean chuig Seán Mac Ambróis, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. | ||
AN SCEIDEAL | ||
Cuid 1 | ||
Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001 | ||
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956) | ||
An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 (Uimh. 5 de 1979) , seachas alt 6 | ||
Cuid 2 | ||
Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999) | ||
Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007) | ||
Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000) | ||
Cuid 3 | ||
Airteagail 28(1)(o), 179(2)(p) agus 295(1)(q)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 | ||
| ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, | ||
17 Samhain, 2020. | ||
MICHEÁL MARTIN, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.) | ||
Déantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, inter alia, le cumhachtaí agus dualgais a tharmligean ó Airí go hAirí Stáit ar mhodh Ordaithe Rialtais. Déantar Orduithe den sórt sin de ghnáth nuair atáthar ag súil go gcomhlíonfaidh Aire Stáit feidhmeanna reachtúla thar ceann Aire. Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gach cumhacht nó dualgas tarmligthe go fóill á dílsiú nó á dhílsiú in Aire an Rialtais i gcomhthráth leis an Aire Stáit agus féadfaidh ceachtar acu iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh. Déantar foráil san Ordú seo do tharmligean na bhfeidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge agus an nGaeltacht. |