I.R. Uimh. 320/2024 - An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2024


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 28 Meitheamh, 2024, á rá go ndearnadh

an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) agus leis an Ordú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2024 ( I.R. Uimh. 253 de 2024 ), ordaímse, TOMÁS Ó BROIN, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2024 a ghairm den Ordú seo.

2. Ceaptar an 30ú lá de Mheitheamh, 2024 mar an lá a thiocfaidh na forálacha seo a leanas d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Uimh. 49 de 2021) i ngníomh:

(a) alt 12;

(b) alt 13;

(c) alt 14;

(d) alt 16.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

26 Meitheamh 2024

TOMÁS Ó BROIN

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán