An tAcht na dTithe (Gaeltacht) 1929

Forálacha generálta i dtaobh deontaisí.

6.—(1) Is chun oifigeach orduithe an Aire a cuirfear gach iarratas ag lorg deontais fén Acht so agus is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe a déanfar é agus luadhfar ann na mion-innste orduithe ar neach iarrtha an deontais, ar an tigh comhnaithe gur ina chóir a bheidh an deontas á iarraidh agus ar an obair a bheidh beartuithe do dhéanamh le congnamh an deontais.

(2) Féadfar deontas a deonfar fén Acht so d'íoc in aon tsuim amháin no ina choda fé mar a mheasfaidh an tAire is ceart i ngach cás agus féadfaidh an tAire a chur mar choiníoll go ndéanfar, roimh aon deontas den tsort san no aon chuid áirithe dhe d'íoc, a thaisbeáint chun a shástachta gur dineadh an obair no cuid áirithe den obair gur mar chabhair chúichi a deonadh an deontas.

(3) Má deontar deontas tógála, deontas chun cró cearc do thógáil, no deontas chun cró muc do thógáil, mar chabhair chun tigh nua comhnaithe no cóiríocht nua do chur suas in ionad tighe chomhnaithe no cóiríochta bheidh ann cheana, tuigfear, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, gur cuid den obair gur mar chabhair chúichi a deontar an deontas an tigh comhnaithe no an chóiríocht san a bheidh ann cheana do leaga.

(4) Pé uair a ceadófar deontas do dheona do dhuine fén Acht so no a dheimhneoidh an tAire gur féidir iasacht do thabhairt do dhuine fén Acht so agus do gheobhaidh an duine sin bás sara n-íoctar suim an deontais no na hiasachta san leis, féadfaidh an tAire duine ar bith eile is oiriúnach leis do cheapa chun an deontas no an iasacht san no a mbeidh gan íoc an uair sin de do ghlaca fé réir pé coiníollacha is oirúnach leis an Aire d'fhorchur agus nuair a déanfar aon cheapa den tsort san amhlaidh beidh an deontas no an iasacht le n-a mbaineann an ceapa, no a mbeidh gan íoc de, iníoctha fén Acht so leis an té do ceapadh amhlaidh ar gach slí díreach mar do bheadh san iníoctha leis an gcéad duine sin a luaidhtear dá mba ná fuigheadh sé bás.