|
Srian le deontaisí do dheona.
|
7.—(1) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so i gcóir tighe chomhnaithe 'na mbeidh deontas á dheona ina chóir, no 'nar deonadh deontas ina chóir aon uair laistigh de sheacht mbliana roimh an Acht so do rith, as airgead puiblí fé aon Acht eile den Oireachtas no fé aon reacht Briotáineach.
|
| |
(2) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so mar chabhair chun tigh comhnaithe do chur suas no do chur i bhfeabhas no i méid (pe'ca aca é) maran rud é—
|
| |
(a) go mbeidh ann cheana, no go soláthrófar le congnamh deontais fén Acht so no ar shlí eile, cóiríocht d'éanlaithe clóis a bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin agus is oiriúnach agus is leor do do réir tuairim an Aire, no
|
| |
(b) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do gach taobh den scéal, nár cheart bheith ag súil le héanlaithe clóis do bheith ag sealbhaire an tighe chomhnaithe sin.
|
| |
(3) Ní deonfar deontas tógála ná deontas feabhsúcháin ar bith fén Acht so maran rud é—
|
| |
(a) go mbeidh ann cheana, no go soláthrófar le congnamh deontais fén Acht so no ar shlí eile, cóiríocht do mhuca bheidh ag gabháil leis an tigh comhnaithe sin agus is oiriúnach agus is leor do do réir tuairim an Aire, no
|
| |
(b) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do gach taobh den scéal, nár cheart bheith ag súil le muca do bheith ag sealbhaire an tighe chomhnaithe sin.
|