|
Iasachtaí i dteanta deontaisí.
|
8.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire go bhfuil an scéal ar a leithéid sin de chuma ag duine dar dheon sé deontas fén Acht so nách féidir do, gan a thuille congnamh airgid, an obair do dhéanamh gur mar chabhair chúichi a tugadh an deontas san do féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, deimhniú sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach do sna Coimisinéirí á rá gur féidir iasacht suime nách mó ná méid an deontais sin do dheona don duine sin fén Acht so, pé suim is dó leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa deimhniú san.
|
| |
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach do sna Coimisinéirí fén bhfo-alt san roimhe seo, déanfaidh na Coimisinéirí, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid fén alt so, an méid a bheidh luaidhte sa deimhniú san do thabhairt ar iasacht don té bheidh ainmnithe sa deimhniú san agus beidh an iasacht san ionaisíoctha leis na Coimisinéirí do réir na rialachán san, maraon le hús do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid.
|
| |
(3) Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
|
| |
(a) iasachtaí a tabharfar fén alt so do thabhairt amach, rud le n-a n-áirítear na hiasachtaí sin do thabhairt amach in aon tsuim amháin no i gcoda;
|
| |
(b) orduithe muirir do dhéanamh agus fuirm na n-orduithe sin;
|
| |
(c) na hiasachtaí sin d'aisíoc, rud le n-a n-áirítear an tráth no na trátha agus na coda ina ndéanfar an t-aisíoc san;
|
| |
(d) coiníollacha chun a chur in áirithe gur chun na gcrícheanna chun a dtabharfar iad a cuirfear na hiasachtaí sin.
|