An tAcht na nDlí-Chleactóirí (An Ghaelige) 2008
Leasú ar alt 43 (díolúintí d’abhcóidí cleachtacha) den Acht Aturnaethe 1954. |
3.— Déantar alt 43 (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaethe 1954 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | |
“(4) Ní cheanglófar ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo cúrsa teagaisc faoi alt 40(2A)(c)(i) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008) a dhéanamh más rud é— | ||
(a) go mbeidh cúrsa teagaisc dá bhforáiltear faoi alt 1 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008 déanta aige nó aici, nó | ||
(b) go raibh pas faighte aige nó aici, nó go raibh sé nó sí, díreach roimh thosach feidhme Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, díolmhaithe ó phas a fháil, in aon scrúdú Gaeilge arna fhorordú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 3 den Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929.”. |