Acht naGaeltachta, 2012
CUID 2 Pleanáil Teanga | ||
Mínithe (Cuid 2). |
6.— Sa Chuid seo— | |
ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar ar cinneadh roimh an Acht seo a rith le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é agus a lean de bheith ina limistéar den sórt sin le halt 7 (1); | ||
ciallaíonn “Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta” limistéar a ainmnítear le hordú faoi alt 7 (2) chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta; | ||
ciallaíonn “Baile Seirbhíse Gaeltachta” baile a ainmnítear le hordú faoi alt 9 (1) chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta; | ||
ciallaíonn “Líonra Gaeilge” pobal a ainmnítear le hordú faoi alt 11 (1) chun bheith ina Líonra Gaeilge; | ||
ciallaíonn “eagraíocht” comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine; | ||
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3 ; agus | ||
ciallaíonn “baile” áit ar mó ná 1,000 a daonra arna fhionnadh de réir an daonáirimh arb é de thuras na huaire an daonáireamh deiridh é a foilsíodh. |