Acht naGaeltachta, 2012
Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. |
7.— (1) Aon limistéar ar cinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo, le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é, leanfaidh sé, d’ainneoin aisghairm an ailt sin le halt 5 (1), de bheith ina limistéar Gaeltachta. | |
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, limistéar sonraithe a ainmniú, faoi threoir toghrann, is limistéar arb éard atá ann— | ||
(a) limistéar Gaeltachta, | ||
(b) cuid de limistéar Gaeltachta, | ||
(c) níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, | ||
(d) codanna de níos mó ná limistéar Gaeltachta amháin, nó | ||
(e) limistéar, nó cuid de limistéar, is ábhar d’ordú faoi fho-ailt (5), (10)(b) nó (13)(b), | ||
chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta de réir an ailt seo. | ||
(3) Foilseoidh an tAire fógra, i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire, i dtaobh é a bheith ar intinn ag an Aire limistéar a ainmniú le hordú faoi fho-alt (2), agus áireoidh sé nó sí san fhógra— | ||
(a) sonraí maidir le toghroinn amháin nó níos mó nó maidir le cuid nó codanna de thoghroinn atá sa limistéar Gaeltachta lena mbaineann agus is limistéar a bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a ainmniú le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2), | ||
(b) an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar iarratais faoi fho-alt (4) a dhéanamh, | ||
(c) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar plean dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, | ||
(d) aon fhaisnéis eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo. | ||
(4) Féadfaidh eagraíocht a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta lena mbaineann, nó tadhlach leis, iarratas a dhéanamh chun Údarás na Gaeltachta chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (6). | ||
(5) I gcás nach ndéanfaidh aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh lena ndearbhaítear nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), agus lena ndearbhaítear an dáta nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis. | ||
(6) Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i ndáil le limistéar is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn. | ||
(7) Déanfaidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge a ullmhú i leith an limistéir lena mbaineann agus déanfaidh sí, laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), an plean a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. | ||
(8) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú. | ||
(9) Féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) agus ar laistigh di a chuirfear an plean Gaeilge faoi bhráid an Aire. | ||
(10) I gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3), nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire— | ||
(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe ag an Aire san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), nó | ||
(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis. | ||
(11) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, an plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an limistéar lena mbaineann. | ||
(12) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, féadfaidh an tAire tréimhse a shonrú ar laistigh di a dhéanfaidh an eagraíocht lena mbaineann an plean Gaeilge a leasú agus a athchur faoi bhráid an Aire. | ||
(13) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht lena mbaineann plean a chomhlíonann ceanglais fho-alt (6) a chur faoina bhráid nó faoina bráid, laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire— | ||
(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (4) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (3) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse faoi fho-alt (9), nó | ||
(b) mura mbeidh iarratas déanta ag aon eagraíocht den sórt sin chun an plean Gaeilge sin a ullmhú, a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann, is ábhar d’fhógra arna fhoilsiú faoi fho-alt (3), agus an dáta a dhearbhú nach limistéar Gaeltachta a bheidh ann dá éis. | ||
(14) I gcás go ndéanfaidh an tAire tréimhse a fhadú faoi fho-alt (9) nó (12), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir leis an tréimhse fhadaithe. | ||
(15) I gcás go roghnóidh Údarás na Gaeltachta eagraíocht, tar éis dó iarraidh a fháil faoi fho-alt (10)(a) nó (13)(a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an eagraíocht sin. | ||
(16) Ní choiscfear ar an Aire le hordú faoi fho-alt (5), (10)(b) nó (13)(b) a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú. |