An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013
Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Achomhairc. |
4.— Leasaítear Airteagal 34 den Bhunreacht leis seo mar a leanas: | |
(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 3 isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge, | ||
(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 3 isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla, agus | ||
(c) déanfar ailt 4 agus 5 den dá théacs a uimhriú mar ailt 5 agus 6. |