An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013
Leasuithe teagmhasacha agus foráil maidir le forléiriú. |
7.— (1) Má dhéantar an Bille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann a achtú ina dhlí— | |
(a) i gcás gur lá tar éis an lae bunaithe an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann, déanfar alt 4, arna chur isteach leis an mBille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann, d’Airteagal 35 den Bhunreacht a leasú ón lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann— | ||
(i) maidir leis an téacs Gaeilge, ar an modh a deirtear i gCuid 1 de Sceideal 8 , agus | ||
(ii) maidir leis an téacs Sacs-Bhéarla, ar an modh a deirtear i gCuid 2 de Sceideal 8 , | ||
(b) i gcás gur lá roimh an lá bunaithe an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann, déanfar tagairt i Sceideal 6 d’alt 4 d’Airteagal 35 den Bhunreacht a fhorléiriú, ón lá bunaithe, mar thagairt don alt den Airteagal sin arna chur isteach leis an mBille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann. | ||
(2) San alt seo— | ||
(a) tá le “an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann” an bhrí chéanna atá leis sa leasú ar an mBunreacht a dhéantar le halt 2 den Bhille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann; | ||
(b) ciallaíonn “an Bille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann” an Bille dar teideal an Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann), 2013 agus a tionscnaíodh i nDáil Éireann an 4 Meitheamh 2013; | ||
(c) aon tagairt don Bhille maidir le Deireadh a Chur le Seanad Éireann a achtú ina dhlí, is tagairt í don Bhille sin a achtú ina dhlí de réir Airteagail 46 agus 47.1 den Bhunreacht. |