| | |
| |
Uimhir 14 de 1978
|
| | |
| |
AN tACHT UM BORD NA GAEILGE, 1978*
|
| | |
| |
ACHT DO BHUNÚ BORD, AR A dTABHARFAR BORD NA GAEILGE, D'FHONN AN GHAEILGE A CHUR CHUN CINN AGUS, GO hÁIRITHE, A hÚSÁID MAR THEANGA BHEO A LEATHADH I MEASC AN PHOBAIL, DO SHAINIÚ COMHDHÉANAMH, CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS AN BHOIRD AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [28 Meitheamh, 1978]
|
| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
|
|
Mínithe.
|
1.—San Acht seo—
|
| |
tá le “an Bord” an bhrí a shonraítear in alt 2 (1) den Acht seo;
|
| |
ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta.
|
|
An Bord a bhunú.
|
2.—(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, comhlacht (dá ngairtear “an Bord” san Acht seo) ar a dtabharfar Bord na Gaeilge.
|
| |
(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
|
|
Feidhmeanna agus cumhachtaí an Bhoird.
|
3.—(1) Déanfaidh an Bord an Ghaeilge, agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide, a chur chun cinn.
|
| |
(2) Chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an Bord aon ní is iomchuí leis a dhéanamh ag teacht leis an mbeartas ginearálta a bheidh údaraithe ag an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire Rialtais eile lena mbaineann, i ndáil leis na feidhmeanna sin.
|
| |
(3) Beidh d'fheidhmeanna ginearálta ag an mBord, faoi réir aon Aire Rialtais a bheith freagrach i ngné áirithe bheartais i ndáil leis an nGaeilge, bearta agus nósanna imeachta a bhaineann leis an nGaeilge a fhorbairt, a chomhordú agus a mheas agus cúnamh a thabhairt ina leith.
|
| |
(4) Féadfaidh an Bord comhairle a thabhairt d'Aire Rialtais maidir le hábhar a bhaineann leis an nGaeilge agus comhairle, cúnamh agus comhoibriú a thabhairt do Roinn Stáit nó do chomhlacht reachtúil nó do chomhlacht eile maidir le hábhar den sórt sin.
|
| |
(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh Roinn Stáit nó comhlacht reachtúil nó comhlacht eile d'aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an nGaeilge a bhfuil an Roinn nó an comhlacht freagrach inti.
|
| |
(6) Féadfaidh an Bord, ag teacht leis an mbeartas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, deontas a thabhairt d'aon duine, nó airgead a airleacan chun aon duine, de rogha an Bhoird agus faoi réir aon téarmaí agus coinníollacha is cuí leis.
|
|
Comhaltaí an Bhoird.
|
4.—(1) Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus aon ghnáthchomhalta dhéag ar a mhéid.
|
| |
(2) Is é an tAire a cheapfaidh gach comhalta den Bhord agus féadfaidh sé aon chomhalta den Bhord a chur as oifig.
|
| |
(3) Beidh comhalta den Bhord i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a bheidh sé á cheapadh, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é.
|
| |
(4) Féadfar comhalta den Bhord a athcheapadh ar a thréimhse oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.
|
| |
(5) Beidh comhalta den Bhord i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas téarma maidir le híoc luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachas) a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh.
|
| |
(6) Líonfaidh an tAire aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Bhoird trí dhuine a cheapadh ann, agus beidh duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí.
|
|
Luach saothair agus caiteachais comhaltaí an Bhoird.
|
5.—Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
|
|
Comhaltaí an Bhoird d'éirí as oifig, bheith dícháilithe, etc.
|
6.—(1) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht nuair a gheofar an litir.
|
| |
(2) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú (agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú) má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air.
|
| |
(3) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.
|
| |
(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi BhuanOrduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.
|
|
Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gcomhaontú a bheartaítear a dhéanamh.
|
7.—(1) Comhalta den Bhord a bhfuil aon leas aige i gcomhlacht a mbeartaíonn an Bord comhaontú a dhéanamh leis, nó a bhfuil aon leas aige i gcomhaontú a bheartaíonn an Bord a dhéanamh, nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gcomhaontú a bheartaítear a dhéanamh.
|
| |
(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a thaifeadadh i miontuairiscí an Bhoird.
|
|
Séala an Bhoird.
|
8.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.
|
| |
(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú comhalta d'fhoireann an Bhoird a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.
|
| |
(3) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo déanfar, mura suífear a mhalairt, é a ghlacadh i bhfianaise agus a mheas gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais.
|
|
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.
|
9.—(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
|
| |
(2) Is é is córam do chruinniú den Bhord an tromlach is ísle de líon comhaltaí an Bhoird tráth an chruinnithe.
|
| |
(3) Ag cruinniú den Bhord—
|
| |
(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
|
| |
(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
|
| |
(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
|
| |
(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.
|
| |
(6) Faoi réir an Achta seo rialóidh an Bord, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.
|
|
Foireann an Bhoird.
|
10.—(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine le bheith mar fhoireann ag an mBord is cuí leis an mBord ó am go ham.
|
| |
(2) Cinnfidh an Bord ó am go ham líon, gráid, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse fhoireann an Bhoird.
|
| |
(3) Íocfar le comhalta d'fhoireann an Bhoird cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
|
| |
(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon chomhalta d'fhoireann an Bhoird a chur ó bheith ina chomhalta dá fhoireann.
|
|
Aoisliúntas.
|
11.—(1) A luaithe is caothúil tar éis bunú an Bhoird, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do chomhaltaí cuí d'fhoireann an Bhoird nó ina leith.
|
| |
(2) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
|
| |
(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.
|
| |
(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh aoisliúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
|
| |
(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon aoisliúntas, nó i dtaobh méid aon aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir comhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.
|
| |
(6) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an Bord aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile a chur ar fáil ar chomhalta d'fhoireann an Bhoird d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime arna ceadú faoin alt seo.
|
| |
(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
|
|
Fostaí don Bhord a bheith ina chomhalta den Oireachtas.
|
12.—(1) I gcás a ndéanfar comhalta d'fhoireann an Bhoird a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntas—
|
| |
(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,
|
| |
(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.
|
| |
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi BhuanOrduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí don Bhord.
|
|
Feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh.
|
13.—Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Bhord, trí aon fhochoiste den Bhord nó trí aon chomhalta d'fhoireann an Bhoird a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord.
|
|
Bronntanais don Bhord.
|
14.—Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníoll den sórt sin ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.
|
|
Meastacháin ón mBord.
|
15.—Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire agus i cibé foirm a iarrfaidh sé, meastachán ar an méid airgid a bheidh ag teastáil ón mBord faoi chomhair na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, mar aon le haon mheastacháin eile a iarrfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais.
|
|
Deontais don Bhord.
|
16.—Féadfar deontas a íoc leis an mBord gach bliain, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ina mbeidh cibé méid a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, i leith chaiteachais an Bhoird.
|
|
Cuntais agus iniúchadh.
|
17.—(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm cheadaithe sin na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire, uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham.
|
| |
(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
|
|
Tuarascáil bhliantúil.
|
18.—Cuirfidh an Bord faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
|
|
An Bord do thabhairt eolais don Aire.
|
19.—Tabharfaidh an Bord don Aire aon eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird.
|
|
Caiteachais.
|
20.—Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
|
|
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
|
21.—(1) Féadfar an tAcht um Bord na Gaeilge, 1978, a ghairm den Acht seo.
|
| |
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé dáta a cheapfaidh an tAire le hordú.
|
| |
* Tá an tiontú oifigiúil ar an Acht seo i gcló thall. |