1.—Leasaítear leis seo Airteagal 40.3 den Bhunreacht—
(a) i bhfo-alt 3° den téacs Gaeilge, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach;
(b) i bhfo-alt 3° den téacs Sacs-Bhéarla, trí dhara mír a bhfuil an téacs di leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach.