| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1996
|
| | |
| |
RIAR NA nALT
|
| |
|
| | |
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
CUID I
|
| |
CUID II
|
| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1996
|
| | |
| |
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [12 Nollaig, 1996]
|
| |
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:
|
| |
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú:
|
| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:
|
|
Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú.
|
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht:
|
| |
( a )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Gaeilge,
|
| |
( b )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Sacs-Bhéarla.
|
|
Lua.
|
2.—(1) An Séú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.
|
| |
(2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996, a ghairm den Acht seo.
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
CUID I
|
| |
7° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun go bhféadfaidh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh.
|
| |
CUID II
|
| |
7° Provision may be made by law for the refusal of bail by a court to a person charged with a serious offence where it is reasonably considered necessary to prevent the commission of a serious offence by that person.
|