| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (COMHIONANNAS PÓSTA), 2015
|
| | |
| |
CLÁR AN ÁBHAIR
|
| |
Alt
|
| |
1. Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú
|
| |
2. Lua
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
CUID 1
|
| |
CUID 2
|
| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (COMHIONANNAS PÓSTA), 2015
|
| | |
| |
Acht chun an Bunreacht a leasú.
|
| |
[26 Lúnasa, 2015]
|
| |
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:
|
| |
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú:
|
| |
Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas:
|
|
|
Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú
|
| |
1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:
|
| |
(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge;
|
| |
(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.
|
|
|
Lua
|
| |
2. (1) An Ceathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.
|
| |
(2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 a ghairm den Acht seo.
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
Cuid 1
|
| |
4 Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.
|
| |
Cuid 2
|
| |
4 Marriage may be contracted in accordance with law by two persons without distinction as to their sex.
|